Jump to content

Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaComhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálreachtas
údarás áitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2015

Is údarás áitiúil i dTuaisceart Éireann é Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin (Béarla: Newry, Mourne and Down District Council), a bunaíodh ar an 1 Aibreán 2015. Tháinig an chomhairle nua in áit Comhairle Ceantair an Dúin agus Comhairle an Iúir agus Mhúrn,  agus clúdaíonn sí an chuid is mó d'oirdheisceart Thuaisceart Éireann. Bhí an chéad toghcháin chuig an údaráis ar an 22 Bealtaine 2014, agus ghníomhaigh sí mar scáthúdarás, roimh chruthú Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, ar an 1 Aibreán 2015.

Ó A Ainm Páirtí
2015 2016 Naomi Bailie[1] Sinn Féin
2016 2017 Gillian Fitzpatrick PSDLO
2017 2018 Róisín Mulgrew Sinn Féin
2018 2019 Mark Murnin PSDLO
2019 2020 Charlie Casey Sinn Féin
2020 2021 Laura Devlin PSDLO
2021 2022 Cathy Mason[2] Sinn Féin
2022 2023 Michael Savage PSDLO
2023 inniu Valerie Harte Sinn Féin

Leas-Chathaoirleach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ó A Ainm Páirtí
2015 2016 Gillian Fitzpatrick PSDLO
2016 2017 Garth Craig PAD
2017 2018 William Clarke Sinn Féin
2018 2019 Oksana McMahon Sinn Féin
2019 2020 Terry Andrews PSDLO
2020 2021 Harold McKee PAU
2021 2022 Oonagh Magennis Sinn Féin
2022 2023 Aoife Finnegan Sinn Féin
2023 inniu Gareth Sharvin PSDLO

Comhairleoirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun críche toghcháin tá an chomhairle roinnte i seacht Limistéar Toghcheantar (LTC):[3]

Limistéar Suíocháin
Crotshliabh 6
Dún Pádraig 5
Iúr Cinn Trá 6
Rudha Álainn [4] 5
Sliabh Crúibe 5
Baile Fearainn

Sliabh gCuillinn

7
Múrna 7

Láidreacht na bPáirtithe 

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirtí Tofa
2014
Tofa
2019
Tofa
2023
Sinn Féin 14 16 20
PSDLO 14 11 8
PAD 4 3 5
Comhaontas 2 2 5
PAU 3 4 1
Neamhspleácha 3 5 2
PRNA 1 0 0

Comhairleoirí de réir toghlimistéar

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhairleoirí tar éis Toghcháin Áitiúla Thuaisceart Éireann 2023
Toghlimistéar Ainm Páirtí
Crotshliabh Selina Murphy Sinn Féin
Declan McAteer PSDLO
Mark Gibbons Neamhspleácha
Kate Murphy Sinn Féin
Mickey Ruane Sinn Féin
Jarlath Tinnelly Neamhspleácha
Dún Pádraig Oonagh Hanlon Sinn Féin
Gareth Sharvin PSDLO
Cadogan Enright Comhaontas
Philip Campbell Sinn Féin
Conor Galbraith PSDLO
Iúr Cinn Trá Valerie Harte Sinn Féin
Cathal King Sinn Féin
Geraldine Kearns Sinn Féin
Aidan Mathers Sinn Féin
Killian Feehan † PSDLO
Doire Finn PSDLO
Rudha Álainn Jonny Jackson PAD
Terry Andrews PSDLO
Callum Bowsie PAD
Tierna Kelly Comhaontas
David Lee-Surginor Comhaontas
Sliabh Crúibe Alan Lewis PAD
Jim Brennan Sinn Féin
Róisín Howell Sinn Féin
Andrew McMurray Comhaontas
Siobhan O'Hare Sinn Féin
Sliabh gCuillinn Aoife Finnegan Sinn Féin
Mickey Larkin Sinn Féin
Declan Murphy Sinn Féin
Pete Byrne PSDLO
Mickey Larkin Sinn Féin
Oonagh Magennis Sinn Féin
David Taylor PAU
Múrna Glyn Hanna PAD
Michael Rice Sinn Féin
Willie Clarke Sinn Féin
Leeanne McEvoy Sinn Féin
Laura Devlin PSDLO
Henry Reilly PAD
Jill Truesdale Comhaontas

† Comhthoghadh é ar 13 Samhain 2023 mar d'éirigh Michael Savage

Le haghaidh tuilleadh sonraí a fheiceáil féach Toghcháin Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, 2023.


Clúdaonn limistéar na Comhairle nua daonra de 171,533 áitritheoirí dar le Daonáireamh Thuaisceart Éireann, sa bhliain 2011 .[5]

Polasaí Dátheangachais na Comhairle

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Comhairle an Iúir agus Mhúrn uathúil, i measc na n-údarás áitiúil i dTuaisceart Éireann, sa mhéid is go raibh polasaí daththeangachais aici. Ghlac Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin a cumhachtaí iomlána agus a freagrachtaí reachtúla orthu féin ar an 1 Aibreán 2015. Ag éirí as Airteagal 7.1 den Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (CETRM), ghlac an Chomhairle nua go raibh uirthi féin 'Polasaí Dátheangachais Chomhairle an Iúir & Múrn' a chur i bhfeidhm freisin.[6]

Deirtear faoi 'Airteagal 7 - Cuspóirí agus prionsabail' den CETRM an méid seo a leanas; "I dtaca le teangacha réigiúnacha nó mionlaigh, laistigh de na críocha ina n-úsáidtear na teangacha sin, agus i gcomhréir leis an staid ina bhfuil gach teanga, fothóidh na Páirtithe a mbeartais, a reachtaíocht agus a gcleachtas ar na cuspóirí agus na prionsabail seo a leanas: (a) na teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a aithin mar fhriotal ar an saibhreas cultúrtha; (b) limistéar geografach gach teanga réigiúnach nó mionlaigh a urramú d'fhonn a chinntiú nach mbeidh rannáin riaracháin atá ann cheana nó rannáin riaracháin nua ina gconstaic ar an teanga réigiúnach nó mhionlaigh atá i gceist a chur chun cinn."