Páirtí Aontachtach Daonlathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach
(en) Democratic Unionist Party Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrDUP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaaontachtas sa Ríocht Aontaithe
coimeádachas sóisialta
pobalachas ar an eite dheas
coimeádachas náisiúnta
náisiúnachas Briotanach
Eoraisceipteach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaeite dheis
ar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh30 Meán Fómhair 1971
Bunaitheoir(í)Ian Paisley Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtMaurice Morrow (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmydup.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: duponline Cuir in eagar ar Wikidata

Is páirtí polaitíochta dílseach agus aontachtach[1][2] i dTuaisceart Éireann é an Páirtí Aontachtach Daonlathach (Béarla: Democratic Unionist PartyDUP). Bhunaigh Ian Paisley agus Desmond Boal an páirtí i 1971, le linn na Trioblóidí, agus bhí Paisley mar cheannaire an pháirtí ar feadh 37 mbliain ina dhiaidh sin.

Is é Jeffrey Donaldson ceannaire an pháirtí faoi láthair. Is é an DUP ceann den dá páirtí is mó i dTionól Thuaisceart Éireann, agus an cúigiú páirtí is mó i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe (toghadh 8 ball den pháirtí chun Pharlaimint na Breataine sa toghchán in 2019).

An Ómaigh

Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sir Jeffrey M. Donaldson

Deirtear go bhfuil an páirtí i bhfad amach ar an eite dheis[3] agus go bhfuil sé thar a bheith coimeádach ar chúrsaí sóisialta.[4] Tá sé in aghaidh an ghinmhillte agus an phósadh comhghnéis. Feiceann an DUP é féin ag cosaint an Briotanachas agus cultúr Protastúnach Uladh. Tá an páirtí amhrasach faoin Aontas Eorpach agus thacaigh sé leis an mBreatimeacht.[5][6]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eascair an DUP ón bPáirtí Aontachtach Protastúnach. Tá naisc stairiúla aige le hEaglais Shaor Phreispitéireach Uladh, an eaglais a bhunaigh Paisley. Le linn na `dTrioblóidí, bhí an DUP i gcoinne cumhacht a roinnt le náisiúnaithe Éireannacha mar bhealach an coimhlint a réiteach, agus bhí sé i gcoinne iarrachtaí baint a bheith ag Poblacht na hÉireann i gcúrsaí Thuaiscirt Éireann. Chuaigh sé i mbun feachtais i gcoinne Chomhaontú Sunningdale 1973, Comhaontú Angla-Éireannach 1985 agus Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Sna 1980í, bhí baint ag an DUP leis na gluaiseachtaí paraimíleata dílseacha Third Force[7][8] agus Ulster Resistance[9] a chur ar bun.

Le linn an chuid is mó de stair an DUP, ba é Páirtí Aontachtach Uladh an páirtí aontachtach is mó i dTuaisceart Éireann, ach faoi 2004, bhí níos mó suíocháin ag an DUP i dTionól Thuaisceart Éireann agus i dTeach na dTeachtaí na Ríochta Aontaithe.

I 2006, chomhshínigh an DUP Comhaontú Chill Rímhinn agus an bhliain ina dhiaidh sin, d'aontaigh an páirtí le dul i mbun rialtas cineachta roinnte cumhachta le Sinn Féin,[10] a d'aontaigh an tseirbhís póilíní, cúirteanna agus an smacht reachta a thacú. D'fhág Jim Allister (an t-aon bhall de Pharlaimint na hEorpa ag an bpáirtí)[11] agus seachtar gcomhairleoirí[12] an páirtí mar agóid, agus bhunaigh siad an páirtí Glór Traidisiúnta Aontachtach.[13]

Tar éis Paisley, bhí Peter Robinson mar cheannaire ó 2008 go 2015, Arlene Foster ó 2015 go 2021, Edwin Poots ar feadh trí sheachtaine i 2021, agus Jeffrey Donaldson ó Meitheamh 2021 ar aghaidh.

In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.

Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lee A. Smithey (2011-08-30). "Protestant Unionists and Loyalists". Unionists, Loyalists, and Conflict Transformation in Northern Ireland: 53–76. Oxford University Press. 
  2. James W. McAuley (2016). "Very British Rebels?". Bloomsbury Academic. 
  3. Stephen Ingle (2008-03-11). "The British Party System". doi:10.4324/9780203931226. 
  4. Anthony Ridge-Newman (2016-10-02). "1959 General Election, Tories and TV 1958–63". The Tories and Television, 1951-1964: 111–129. London: Palgrave Macmillan UK. 
  5. "The Campaign" (2017). Brexit, No Exit. I.B. Tauris. 
  6. Emmanuel Ordóñez Angulo (2017-02-02). "What Do We See When We See Total Darkness?". European Journal of Philosophy 25 (4): 1039–1061. doi:10.1111/ejop.12220. ISSN 0966-8373. 
  7. "Ian Paisley death: Third Force 'were a motley crew of teens and farmers...'" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-08-01.
  8. "Campbell, John Dermot, (20 Jan. 1898–23 Jan. 1945), DL (Belfast); MP (U) Co. Antrim since 1943; Deputy Flax Controller for Northern Ireland since 1940" (2007-12-01). Who Was Who. Oxford University Press. 
  9. "CAIN: Abstracts of Organisations - 'U'". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2021-08-01.
  10. "DUP 'would share power in May'" (en-GB) (2007-03-24). Dáta rochtana: 2021-08-01.
  11. "Allister quits power-sharing DUP" (en-GB) (2007-03-27). Dáta rochtana: 2021-08-01.
  12. "Seventh councillor leaves the DUP" (en-GB) (2007-04-05). Dáta rochtana: 2021-08-01.
  13. "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2021-08-01.
  14. Nuacht RTÉ (2024-01-30). "DUP le filleadh ar Stormont faoi réir reachtaíochta úir" (as ga-IE).