Jump to content

Comhairle Pobal Dílseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaComhairle Pobal Dílseach
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2015
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Alex Kane, de chuid an CPD

Scáthghrúpa do na paraimíleataigh dhílseacha is ea an Chomhairle Pobal Dílseach nó an CPD[1] a labhraíonn thar ceann an UVF agus an UDA. Bunaíodh an CPD in 2015 mar scátheagras don UVF, CCU agus Red Hand Commando, chun cuidiú leo scor ó pharaimíleatachas, nó "claochlú" mar a tugadh air ag an am. Ach is ionadaithe na ngrúpaí paraimíleatacha dílseacha iad i gcónaí.[2]

Inniu tá na paraimíleataigh gníomhach agus ag earcú ball nua. Sceith bhéil is ea daoine sa CCU (agus san UVF) as coiriúlacht, mangaireacht drugaí, sracadh airgid ó lucht gnó agus imeaglú. Ba é cuspóir na CPD cuidiú leis na paraimíleataigh cúl a thabhairt le lámh láidir agus coiriúlacht. Inniu, is léir go bhfuil teipthe ar an bpróiseas claochlaithe.

Sa bhliain 2021, d'fhógair an CPD nach dtacaíonn siad le Comhaontú Aoine an Chéasta níos mó i ngeall ar an bPrótacal iarBhreatimeachta., nó Creat Windsor.[2][3]

Dúirt an SPTÉ in 2024 go raibh daoine fós á n-earcú ag na paraimíleataigh agus daoine ann a úsáideann lipéid an UDA agus UVF gníomhach mar mhangairí drugaí, ag sracadh airgid ‘chosanta’ ó lucht gnó agus coiriúlacht eile. Dúirt an SPTÉ in 2024 nach mbuailfeadh siad leis an CPD agus dúirt an Státrúnaí nua Hilary Benn an rud céanna.[2][4]

Tá an CPD ag cur go láidir in aghaidh bunscoil Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. Bhuail Aire Oideachais Stormont, Paul Givan leis an LCC i mí Mheán Fómhair 2024. Tuigtear gur chuir an LCC a ndearcadh ar an gceist in iúl do Givan sa chruinniú. I mí Dheireadh Fómhair 2024, bhí cáineadh déanta ar Aire Pobal Stormont, Gordon Lyons ón DUP, faoi chruinniú a bheith aige leis an CPD tar éis gur dhiúltaigh sé cruinniú a bheith aige le Conradh na Gaeilge.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Comhairle na bPobal Dílseach; i mBéarla, an Loyalist Communities CouncilLCC
  2. 2.0 2.1 2.2 Póilín Ní Chiaráin (29 Meán Fómhair 2024). "Scoil na Seolta agus an sean-DUP frithGhaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-29.
  3. RTÉ News (2021-03-04). "Loyalists withdraw support for Good Friday Agreement" (as en). 
  4. newsletter.co.uk (2024-09-26). "The Loyalist Communities Council (LCC) hits back at critics after objecting to new Irish language school in east Belfast". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-09-26. Dáta rochtana: 2024-09-29.
  5. Nuacht RTÉ (2024-10-11). "Cruinniú ag aire eile ón DUP le dílseoirí" (as ga-IE).