Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Ainm gearr | TUV | ||||
| Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Aontachtóirí na hÉireann coimeádachas náisiúnta Eoraisceipteach | ||||
| Ailíniú polaitíochta | eite dheis | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 7 Nollaig 2007 | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Eile | |||||
| Dath | | ||||
| Suíomh gréasáin | tuv.org.uk | ||||
Is páirtí polaitíochta aontachtach é an Glór Traidisiúnta na nAontachtaithe (Béarla: Traditional Unionist Voice nó TUV) i dTuaisceart Éireann. Bunaíodh an páirtí ar an 7 Nollaig 2007, nuair a scoilt an DUP.[1] Ón lá ar tháinig an páirtí ar an bhfód, tá sé á stiúradh ag Jim Allister, a bhí ina theachta Neamhspleách i bParlaimint na hEorpa go dtí an bhliain 2009. Chaill sé an suíochán sin in 2009, nuair a bhí sé ina iarrthóir ag an TUV féin.
Is iad na príomhphrionsabail a gcloíonn an TUV leo ná:
- Aontacht Thuaisceart Éireann agus na Ríochta Aontaithe a choinneáil i bhfeidhm
- déabhlóid gan chomhrialtas éigeantach
- forlámhas an dlí ar fud Thuaisceart Éireann
- coimeádachas sóisialta
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]TUV agus an Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seasamh láidir ag an bpáirtí i gcoinne na Gaeilge, agus tá cur síos déanta acu uirthi mar 'theanga leipreachán',[2] seasamh a cáineadh go minic.
Ag Éileamh Saoirse do Torrens Knight
[cuir in eagar | athraigh foinse]I Mí na Nollag 2009 bhí Trevor Collins, ball de chuid an pháirtí, ag déanamh promóisin d'achainí a bhí ag éileamh go scaoilfí saor le Torrens Knight. Sceimhlitheoir de chuid Troidaithe Saoirse Uladh (UFF) ab ea Knight a raibh téarma príosúin curtha isteach aige toisc gur ghlac sé páirt in Ár Ghlas-stéille agus i nDúnmharuithe Charraig Ceasail. Tugadh cead a chos do Knight de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998. ach ina dhiaidh sin príosúnaíodh in athuair é nuair a d'ionsaigh sé beirt bhan i mbeár.
Ainghníomhartha Collaí in aghaidh Páistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Samhain 2012 ciontaíodh David Tweed, Comhairleoir de chuid an TUV sa Bhaile Meánach, i dtrí choir chollaí déag ar fad a rinne sé ar chailíní óga.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "New unionist group to be launched" (en-GB) (2007-12-07). Dáta rochtana: 2024-06-16.
- ↑ "TUV sorry for 'leprechaun' slur" (en-GB) (2009-11-06). Dáta rochtana: 2024-06-16.