Jump to content

An Sruthán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Sruthán

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 11′ 45″ N, 6° 23′ 39″ O / 54.1959°N,6.3943°W / 54.1959; -6.3943
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) Aistrighan tIúr, Múrn, agus an Dún
CathairIúr Cinn Trá Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,892 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT35 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie136012

Is baile suite i gContae Ard Mhacha é an Sruthán[1] (Béarla: Bessbrook).

Bhunaigh na Caecair An Sruthán i Co Ard Mhacha

Próifíl dhéimeagrafach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar lá an daonáirimh, 27 Márta 2011, bhí sé ar taifead sa daonáireamh go raibh 2,750 duine ina gcónaí sa Sruthán.

  • Bhí 22.91% den dhaonra faoi 16 bliana d'aois agus bhí 14.76% os cionn 65 bliana d'aois
  • Bhí 50.58% den dhaonra fireann agus bhí 49.42% baineannach
  • Bhí cúlra Caitliceach ag 79.56% den dhaonra agus bhí cúrla Protastúnach agus Críostaí eile ag 18% den dhaonra
  • Dúirt 18.58% go náisiúntacht Bhriotanach acu. Dúirt 51.35% go náisiúntacht Éireannach acu agus Dúirt 31.13% go náisiúntacht "Thuaisceart-Éireannach".

Ar lá an daonáirimh, 21 Márta 2021, bhí sé ar taifead sa daonáireamh go raibh 2,892 [2] duine ina gcónaí sa Sruthán.

  • Bhí cúlra Caitliceach ag 80.01% den dhaonra agus bhí cúrla Protastúnach agus Críostaí eile ag 14.42% den dhaonra
  • Dúirt 15.84% go náisiúntacht Bhriotanach acu. Dúirt 60.86% go náisiúntacht Éireannach acu agus Dúirt 23.24% go náisiúntacht "Thuaisceart-Éireannach".

Freastalaíonn na seirbhísí bus 41, 338f agus 338e (Iúr Cinn Trá-An Sruthán) ar an sráidbhaile. Rith Trambhealach an tSrutháin agus An Iúir ó 1883 go 1948.

Ardscoil Naomh Pól ar chiumhais an tsráidbhaile. Tá dhá bhunscoil Caitliceach faoi Chothabháil sa Sruthán, Scoil Naomh Iósaif agus Bunscoil Naomh Peadar in Ath na gCloch Riabhach. Tá naíscoil ag Scoil Naomh Iósaif chomh maith. Fosta, tá bunscoil stáit amháin: Bunscoil an tSrutháin.

Is foireann sacair í Bessbrook United. Tá siad sa tSraith Lár Uladh agus imríonn siad i bPáirc na nOirthear. Tá cumann iomána, Craobh Rua Camlocha, suite sa Sruthán. Níl aon cumann peile sa Sruthán ach, de ghnáth, imríonn daoine áitiúila leis na foirne i gCamloch (Carraig ChrupáinSheáin Uí Néill). Tá faiche bhollaí agus club bollaí sa sráidbhaile.

Bhunaigh baill de Chumann na gCarad an Sruthán agus tá teach tionóil Chumann na gCarad sa sráidbhaile fós go dtí an lá inniu. Tá dhá shéipéal Caitliceach sa Sruthán, Naomh Naomh Peadar agus Naomh Pól ar Bhóthar an tSéipéil agus Naomh Peadar in Ath na gCloch Riabhach. Tá eaglais Anglacánach agus eaglais Phreispitéireach ar Chnoc an Chlochair. Tá eaglais Mheitidisteach suite ar Bhóthar an Teampaill. Tá halla soiscéil sa sráidbhaile fosta.

Áiteanna Spéisiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoine suntasacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. An Sruthán/Bessbrook | logainm.ie (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Get data for your table | NISRA Flexible Table Builder" (en). build.nisra.gov.uk. Dáta rochtana: 2025-07-16.