Caisleán Léim an Eich
Cuma
| Caisleán Léim an Eich | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Fothrach caisleáin agus caisleán | |||
| Foirgníocht | 1480 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae an Chláir, Éire | |||
| ||||
Is fothrach caisleáin é Caisleán Léim an Eich atá suite i mbaile fearainn Léim an Eich Thuaidh, paróiste Chill Iníne Baoith, idir sráidbhailte Cora Finne agus Chill Fhionnúrach ag teorainn réigiúin An Bhoirinn i gContae an Chláir, Éire. Tá sé comhdhéanta de thúrtheach ón 15ú haois agus teach mór ón 17ú haois.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an caisleán suite ag crosbhóthar tábhachtach áitiúil agus an áit ar bhuail barúntachtaí na Boirne, Corca Mrua agus Inse Uí Chuinn le chéile. Trasnaíonn bóthar an R476 ó Chill Fhionnúrach go sráidbhaile Chill Iníne Baoith agus an R480 ó thuaidh go Baile Uí Bheacháin ann inniu.[1]

Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Carthy (2011). "Burren Archaeology". The Collins Press. ISBN 9781848891050.
