Thomas Croke

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí Tomás Liam Cróc (Béarla: Thomas William Croke) (28 Bealtaine, 182422 Iúil, 1902) ina Ard-Easpag Caitliceach d'Ard-Deoise Chaisil agus Imligh i gContae Thiobraid Árann. Tá ceanncheathrú agus príomhstaidiam Chumann Lúthchleas Gael (Páirc an Chrócaigh) ainmnithe in onóir dó.

A shaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh é i gCaisleán na Cora, Contae Chorcaí, sa bhliain 1824. D'fhreastail sé ar scoil i Ráth Luirc sa chontae chéanna agus i gColáiste na hÉireann i bPáras. Oirníodh é mar shagart don Eaglais Chaitliceach sa bhliain 1846. Dúirt an náisiúnaí Éireannach William O'Brien go raibh an tAthair Cróc ag troid ag na baracáidí i rith Éirí Amach 1848 i bPáras. D'fhill sé ar Éirinn agus sa bhliain 1858 bhí sé ina Uachtarán ar Choláiste Naomh Colman i Mainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí, agus níos déanaí bhí sé ina shagart paróiste i nDún ar Aill sa bhliain 1865. D'fhreastail Croke ar Chéad Chomhairle na Vatacáine mar dhiagaire d'Easpag Chluana sa bhliain 1870. Ceapadh é mar Dhara Easpag Auckland, an Nua-Shéalainn, sa bhliain 1870. Sa bhliain 1875 rinneadh Ard-Easpag Chaisil de.

Bhí Cróc an-tógtha le náisiúnachas na hÉireann, nó bhí sé bainteach le Conradh na Talún chomh maith le Conradh na Gaeilge agus thug sé tacaíocht mhór do Charles Stewart Parnell. Dá bharr bhí rialtas na Breataine agus fiú easpaig Éireannacha amhrasach faoi. I ndiaidh an scannail a tháinig as scéal grá Parnell le Kitty O'Shea, bean chéile an Chaptaein Willie O'Shea, d'éirigh an tArd-Easpag Cróc as an bpolaitíocht agus as an náisiúnachas.

Fuair sé bás i bPálas an Ard-Easpaig i nDúrlas Éile 22 Iúil, 1902, nuair a bhí sé ocht mbliana déag is trí scór d'aois. In onóir don Ard-Easpag, caitheann gach ardeaspag Chaisil agus Imligh, go traidisiúnta, an liathróid isteach sa lár ag craobh shóisir na hÉireann sa pheil Ghaelach agus san iománaíocht.

Páirc an Chrócaigh, ceanncheathrú CLG.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]