Muiris Ó Daimhín
Cuma
(Athsheolta ó Maurice Davin)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Meitheamh 1842 Carraig na Siúire |
Bás | 27 Eanáir 1927 84 bliana d'aois |
Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael | |
1888 – 1889 ← Edward Bennet (en) – Peter Kelly (en) → | |
Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael | |
1884 – 1887 – Edward Bennet (en) → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iomaitheoir lúthchleasaíochta |
Spórt | lúthchleasaíocht |
Feirmeoir agus lúthchleasaí Éireannach ab ea Muiris Ó Daimhín (1842 - 1927), nó Maurice Davin as Béarla, a rugadh i gCarraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chumainn Lúthchleas Gael nuair a chuireadh tús leis an eagraíocht sa bhliain 1884. B'eisean an chéad uachtarán ar an gcumann chomh maith, agus an t-aon duine a chaith dhá thréimhse san oifig seo.
Roimhe sin, ba shár-lúthchleasaí é Ó Daimhín agus bhí curiarrachtaí domhanda bainte amach aige, rud a thuill clú idirnáisiúnta dó sna 1870idí.
Tá Ardán Daimhín i bPáirc an Chrócaigh ainmnithe in ómós dó.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |