Jump to content

An Timire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Timire)
Bosca Sonraí NuachtánAn Timire
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1911 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Eatramh foilsithegach ráithe
PríomheagarthóirFrank Mac Brádaigh SJ.
Formáid dáilteLeagan clóite[1]

Tréimhseachán Caitliceach agus Gaelach is ea An Timire (nó Timire an Chroí Ró-Naofa), a bunaíodh sa bhliain 1911. Is é an foilseachán Gaeilge is faide ar an bhfód.

Is é mar aidhm ag an bhfoireann foilsitheoireachta “spreagadh agus tuiscint a thabhairt do bhaill Aspalacht na hUrnaí ar intinní an Phápa, trí altanna suimiúla agus ábhar atá inspéise do chách a chur ar fáil”.[2] Pléitear inti cúrsaí creidimh, cultúir, agus sóisialta.

Tá aidhm ag An Timire chomh maith an "ghluaiseacht Gaeilge a nascadh le spioradáltacht Éireann de réir meon dara Comhairle na Vatacáine."

Irisleabhar Íosánach is ea é. Is é Frainc Mac Brádaigh SJ an t-eagarthóir reatha. Cuirtear trí leabhar ar a laghad i gcló gach bliain (tugtar Earrach, Samhradh, Fómhar nó Geimhreadh orthu).

In 1949 bhí An Timire in ísle brí agus is beag nár thit sé as a chéile.[3] Ansin, tháinig dream eile a bhí lán de chreideamh agus de dhíograis chun a tharrthála, baill Chuallacht Mhuire.

Ghlac an Athair Frainc Mac Brádaigh ceannas ar An Timire in 2012.

Sa bhliain 2014, chaill An Timire a mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tá an iris ag brath ar na hÍosánaigh le maoiniú ó shin. Bhí 700 síntiúsóir ag an iris sa bhliain 2025 agus tháinig airgead eile isteach ón bhfógraíocht agus ó na cóipeanna a dhíoltar sna siopaí.[2]

An Timire agus Foilseacháin Ábhair Spioradálta lonnaithe in aon oifig amháin, ar leis na hÍosánaigh í, ar Shráid Líosain Íochtarach i mBaile Átha Cliath.

Iar-scríbhneoirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceangail sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 3. 
  2. 2.0 2.1 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2025). "Baol ann nach mairfidh an t-irisleabhar An Timire bliain eile gan socrú maoinithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-02.
  3. Alan Mac Eochagáin (2011-09-20). "Timire an Chroí Ró-Naofa: Comóradh 100 bliain (1911-2011)" (en-US). Catholicireland.net. Dáta rochtana: 2020-10-11.