Scríbhneoirí Gaeilge thar lear
Tá scríbhneoirí Gaeilge thar lear le fáil ina lán tíortha lasmuigh d’Éirinn. Gaeilgeoirí is ea a bhformhór, agus is cuid suntais iad sa mhéid nach de shliocht Éireannach i gcónaí iad féin ná a léitheoirí. Tá sé áitithe gur beag baint atá ag saothar na scríbhneoirí seo le féiniúlacht na hÉireann agus gur tábhachtaí go mór an Ghaeilge acu mar theanga oibre, chruthaíochta agus chaidrimh.[1][2] Tá scríbhneoirí Gaeilge, idir Éireannaigh agus neamh-Éireannaigh, le fáil i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus i roinnt tíortha Eorpacha. Tá cuid díobh le fáil thíos.
Údair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Alex Hijmans san Ísiltír agus chaith sé tamall de bhlianta in Éirinn. Anois tá sé ina chónaí sa Bhrasaíl. Tá trí leabhar foilsithe aige i nGaeilge: na húrscéalta Favela (2009) agus Aiséirí (2011), agus Gonta (2012), bailiúchán gearrscéalta.
Fáisceadh Panu Petteri Höglund, teangeolaí, scríbhneoir agus aistritheoir, as an mionlach Sualannach san Fhionlainn. Baineann sé feidhm as an nGaeilge mar theanga chruthaitheach agus é de chuspóir aige litríocht shuimiúil chomhaimseartha a chur ar fáil i bhfriotal a bhfuil snas agus blas na Gaeltachta air. Tá roinnt úrscéalta foilsithe aige.
Rugadh Torlach Mac Con Midhe i mBaile Átha Cliath. Chaith sé fiche bliain dá shaol i gCeanada, agus fiche bliain san Eilvéis, áit a bhfuil sé ina chónaí anois. Tá iriseoireacht foilsithe aige i nGaeilge, i bhFraincis agus i Rómainis, agus tá blag aige i nGearmáinis.[3] Tá roinnt leabhar neamhfhicsin scríofa aige: Iarsmaí na Teanga: Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachas na hEorpa (Coiscéim 2005), Muintir Sléibhe agus a Teanga: lucht na Rómainise san Eilvéis (Coiscéim 2009), Aistí Eorpacha (Coiscéim 2015), Aistí Eorpacha 2 (Coiscéim 2021), Aigéan Eile (Coiscéim 2023), agus Aistí Eorpacha 3 (Coiscéim 2024). Tá úrscéal scríofa aige faoin réamhstair agus é bunaithe ar an saol i measc na nAlp: Crothla agus Cnámha (Coiscéim 2018).
Rugadh Tomás Mac Síomóin i mBaile Átha Cliath agus tá sé ina chónaí in Barcelona ón mbliain 1997 i leith. Tá breis is dhá leabhar déag foilsithe aige i nGaeilge sa tréimhse sin, in éineacht le hastriúcháin ón Spáinnis agus ón gCatalóinis.
Meiriceánach is ea Seán Ó Muirgheasa a bhfuil cónaí air in California. In 2017 d'fhoilsigh sé An Dola a Íoc (Coiscéim), úrscéal bleachtaireachta atá suite in Nua-Eabhrac.
Baineann Séamas Ó Neachtain leis an gcúigiú glúin dá mhuintir i M,eiriceá, agus tá filíocht, ficsean agus iriseoireacht foilsithe aige i nGaeilge. Eisean a bhunaigh An Gael, iris idirnáisiúnta liteartha.
As Corca Dhuibhne do Mhuiris (Mossie) Ó Scanláin ach in Melbourne a bhí sé ina chónaí leis na blianta fada. Is ann a scríobh sé scéal a bheatha agus é foilsithe mar An Mám ó Dheas.[4] Tá cuntas ann ar a shaol in Éirinn, i Sasana agus san Astráil.
I nDoire a rugadh Pádraig Ó Siadhail (1968-) ach tá sé ina chónaí in Halifax in Albain Nua ón mbliain 1987 i leith. Tá deich leabhar Gaeilge foilsithe aige i rith na tréimhse sin, agus cnuasach gearrscéalta agus dhá úrscéal san áireamh.
Rugadh Derry O'Sullivan i mBeanntraí agus chaith sé tamall in Stockholm roimh dó cur faoi i bPáras sa bhliain 1969. Tá ceithre chnuasach dánta foilsithe aige.
Astrálach is ea Colin Ryan agus gearrscéalta foilsithe aige in Feasta, Comhar agus An Gael. Fearacht Höglund thuas, tá a chuid scéalta suite lasmuigh d’Éirinn. Tá dánta foilsithe aige in Feasta, An Gael agus Tinteán. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht dhá chnuasach dá chuid scéalta: Teachtaireacht (2015)[5] agus Ceo Bruithne (2019).[6] In 2017 d'fhoilsigh Coiscéim Corraí na Nathrach, cnuasach filíochta leis.[7]
File agus síceolaí is ea Julie Breathnach-Banwait. Tógadh le Gaeilge i gCeantar na nOileán i gConamara í. Í ina cónaí lena cúram san Astráil Thiar anois. Tá dánta foilsithe aici ar Comhar, An Lúibín, An Gael agus in áiteanna eile. In 2020 d’fhoilsigh Coiscéim a cnuasach Dánta Póca.[8][9]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ [1] Máirín Nic Eoin, 'Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing'.
- ↑ ‘Ó thíortha eile: litríocht choimhthíoch na Gaeilge,’ An Lúibín, 7 Samhain 2014: [2]
- ↑ "Irische Heimat" (de-DE). Irische Heimat. Dáta rochtana: 2019-02-05.
- ↑ Muiris Mossie Ó Scanláin. An Mám ó Dheas. An Sagart 2009. ISBN 1-903896-55 X
- ↑ Teachtaireacht: http://www.cic.ie/books/published-books/teachtaireacht Curtha i gcartlann 2015-10-11 ar an Wayback Machine
- ↑ Ceo Bruithne: https://www.cic.ie/books/published-books/ceo-bruithne Curtha i gcartlann 2020-12-09 ar an Wayback Machine.
- ↑ Corraí na Nathrach: http://www.coisceim.ie/corrai.html
- ↑ Julie Breathnach-Banwait: https://www.idler.ie/julie-breathnachbainwait-1 Curtha i gcartlann 2021-08-17 ar an Wayback Machine
- ↑ Why Do You Write in Irish?: https://tintean.org.au/2021/08/10/why-do-you-write-in-irish/