Torlach Mac Con Midhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTorlach Mac Con Midhe
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Simon Fraser
Coláiste Belvedere Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Youtube: UCX8qcTUtvyc68nn7zs-QsQA Youtube: torlachmacconmidhe2035 Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir agus iriseoir Éireannach é Torlach Mac Con Midhe a rugadh i mBaile Átha Cliath.[1] Chaith sé a laethanta saoire mar pháiste i nDoire Colmcille agus i dTír Chonaill, dúchas muintir a mháthar, muintir Uí Chreag (ceannródaí i ngluaiseacht na Gaeilge ab ea a sheanuncail, Séamus Ó Creag[2]). Chuaigh sé ar scoil leis na hÍosánaigh i gColáiste Belvedere i mBÁC. Ghnóthaigh sé céim i dteangacha i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Rinne sé staidéar iarchéime ar theangeolaíocht ag Ollscoil Simon Fraser i gCeanada, áit ar bhronnadh Ph.D. air i 1982 de bharr tráchtais ar stair na teangeolaíochta. Tá leabhair agus ailt idir léannta agus eile foilsithe aige i nGaeilge, i bhFraincis, i nGearmáinis agus i Rómainis na hEilvéise.

Tá sé ina chónaí in Chur na hEilvéise agus é ina iriseoir agus ina scríbhneoir saor. Scríobhadh sé don Irish Times agus do La Quotidiana (nuachtán lae na Rómainise).

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúig leabhar neamhfhicsin foilsithe aige:

  • Iarsmaí na Teanga: Na Teangacha Ceilteacha i Stair Smaointeachas na hEorpa (Coiscéim 2005),
  • Muintir Sléibhe agus a Teanga: lucht na Rómainise san Eilvéis (Coiscéim 2009)
  • Aistí Eorpacha (Coiscéim 2015)[1]
  • Aistí Eorpacha 2 (Coiscéim 2021). Tá suíomh Idirlín ag an dá leabhar seo[3].
  • Aigéan Eile (Coiscéim 2023).

úrscéal faoin réamhstair foilsithe aige freisin: Crothla agus Cnámha (Coiscéim 2018). Tá suíomh Idirlín ag an leabhar seo[4].

Tá podchraoltaí agus ábhar eile uaidh le cloisteáil ar chainéal YouTube Thorlaigh Mhic Con Midhe.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 http://www.coisceim.ie/aistieorpacha.html
  2. "Ó CREAG, Séamus (1863–1934)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-02-08.
  3. "Aistí Eorpacha" (ga). Aistí Eorpacha. Dáta rochtana: 2020-09-21.
  4. "Crothla agus Cnámha" (ga). Crothla agus Cnámha. Dáta rochtana: 2019-02-05.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]