Pádraig Ó Siadhail

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPádraig Ó Siadhail
Beathaisnéis
Breith1957
66/67 bliana d'aois
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scoláire agus scríbhneoir is ea Pádraig Ó Siadhail. Rugadh é i nDoire sa bhliain 1968 agus tá sé ina chónaí anois in Halifax, Albain Nua.[1]

I measc a shaothar tá an dúrún dúnmharaithe Peaca an tSinsir (1996), cnuasach gearrscéalta dar teideal Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta Eile (2001), úrscéal stairiúil dar teideal Beirt Bhan Mhisniúla (2011), beathaisnéis Phiarais Béaslaí agus cnuasach aistí faoi Cheanada, Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanada (2005).

Tá sé ina léachtóir in Saint Mary’s University, Albain Nua, mar a ndéanann sé speisialtacht den Léann Éireannach. Bhí sé ina uachtarán ar an Canadian Association for Irish Studies. Chuir sé a lán cnuasach liteartha agus scolártha in eagar agus tá mórán alt léannta foilsithe aige i nGaeilge agus i mBéarla.

Rogha foilseachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Katherine Hughes. A Life and a Journey. Newcastle, Ontario: Penumbra Press 2014

Beirt Bhan Mhisniúla. Indreabhan: Cló Iar-Chonnacht 2011.

An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí, 1881-1965. Dublin: Coiscéim 2007.

Idir Dhá Thír: Sceitsí ó Cheanada. Belfast: Lagan Press 2005.

Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta Eile. Indreabhán, Galway: Cló Iar-Chonnacht 2001.

Peaca an tSinsir. Indreabhan: Cló Iar-Chonnacht 1996.

Éagnairc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht 1994.

Stair Dhrámaíocht na Gaeilge, 1900-1970. Indreabhán, Galway: Cló Iar-Chonnacht 1993.

Parthas na gCleas. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht 1991.

Rogha alt[cuir in eagar | athraigh foinse]

"James Mooney: The "Indian Man,' and the 'Irish Catholic.'" In Graeme Morton and David A. Wilson (eds.), Irish and Scottish Encounters with Indigenous Peoples. Canada, the United States, New Zealand, and Australia. Montreal & Kingston: McGill Queen's University Press, 2013, 49-70.

“‘Anna Ghordún’ agus an ‘Gaberlunzie Man.’ Nóta faisnéise faoi Anne Gordon Rudmose-Brown agus faoi Phádraic Ó Conaire,” in Eoin Mac Cárthaigh & Jürgen Uhlich (eds.), Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle. Indreabhán: An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnacht, 2012, 915-933.

“Odd Man Out: Micheál Ó Conghaile and Contemporary Irish language Queer Prose,” Canadian Journal of Irish Studies, Vol. 36, No. 1, Spring 2010, 143-161.

“James Mooney, ‘The Indian Man’, agus Béaloideas na hÉireann,” Béaloideas, Vol./Iml. 77, 2009, 1-36.

“Bunú an Fháinne agus Éirí Amach na Cásca 1916,” Taighde agus Teagasc, Imleabhar 6 (2008), 174-193.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nic Eoin, Máirín. ‘Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing’ http://breac.nd.edu/articles/38920-interdisciplinary-perspectives-on-transnational-irish-language-writing-2/ A Digital Journal of Irish Studies. Aimsithe 22 Eanáir 2014

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]