Derry O'Sullivan
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1944 79/80 bliana d'aois Beanntraí, Éire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Fostóir | Ollscoil Pháras |
Teangacha | An Ghaeilge |
File Éireannach atá ina chónaí i bPáras na Fraince is ea Derry O'Sullivan (a rugadh i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1944).
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceithre bhailiúchán Gaeilge foilsithe aige:
• Cá bhfuil do Iudás? (Coiscéim, 1987), bailiúchán a ghnóthaigh ceithre dhuais Oireachtais agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Ríordáin;
• Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (Coiscéim, 1994);
• An Lá go dTáinig Siad (Coiscéim, 2005), dán fada faoi shealbhú Naitsíoch Pháras;
• An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (Coiscéim, 2009).
Ghlac sé páirt i bhféilte liteartha in Éirinn, sa Fhrainc, sna Stáit agus i gCeanada, agus tá a chuid filíochta le fáil ina lán irisí liteartha agus duanairí.
Aistríodh dánta an tSúilleabhánaigh go Béarla agus go Fraincis. Tá aistriúchán Béarla le fáil in The King’s English (Paris, First Impressions, 1987). I bhFraincis a scríobh sé na dánta a foilsíodh mar En Mal de Fleurs (Québec, Lèvres Urbaines 30 Curtha i gcartlann 2013-01-22 at Archive.today 1988).
Ba é O'Sullivan ba thúisce a d’aistrigh "An Chailleach Béara" (dán de chuid an 10ú haois) go Fraincis, in éineacht le Jean-Yves Bériou and Martine Joulia, mar "Lamentations de la vieille femme de Beare". Foilsíodh é in eagrán dátheangach Gaeilge/Fraincis a cuireadh i cló de láimh (Páras, 1992, 1995) agus a athcheartaíodh i 2006 (Éditions de l'Escampette).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarshagart é an Súilleabhánach. Is fada pósta é agus triúr clainne aige. Mhúin sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus sa Institut Supérieur d’Electronique de Paris. Scrúdaitheoir sinsearach de chuid an Baccalauréat Idirnáisiúnta is ea é. Tá lámh aige ina lán tionscadal agus chuidigh sé leis an Festival Franco-Anglais de Poésie a bhunú.
Chuaigh sé i gcomhar lena lán ealaíontóirí. Tá ealaín Reginald Gray le feiceáil ar chlúdaigh trí cinn dá chuid bailiúchán. I 2010 chuir Kate Van Houten "Ceamara/Camera" (dán Gaeilge/Béarla ar fhreagra é ar dhán le Jean-Max Albert, ‘’La camera sans film’’), i gcló de láimh i bPáras mar eagrán teoranta[1] i 2012 d’fhoilsigh Ateliers Bo Halbirk "Saorganach/En affranchi à faux," dán Fraincis/Gaeilge a mhaisigh Valery Vahey, mar bhoscra lámhchlóite teoranta.[2][3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Estepa Editions" (en). kateplusbooks (2011-02-18). Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ "Atelier Bo Halbirk". bobloggrafik.blogspot.fr. Dáta rochtana: 2023-11-12.
- ↑ "Graphic Studio Dublin: Artists > Valerie Vahey". web.archive.org (2013-05-11). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-11. Dáta rochtana: 2023-11-12.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Próifíl Derry O'Sullivan agus í scríofa ag Conor Power in The Sunday Times, 2 Nollaig 2012
- Derry O'Sullivan ag Irish Writers Online Curtha i gcartlann 2015-08-18 ar an Wayback Machine
- Derry O'Sullivan ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- http://www.poetryinternationalweb.net/pi/site/poet/item/23765/Derry-OSullivan Curtha i gcartlann 2013-12-07 ar an Wayback Machine
- The Cambridge History of Irish Literature, Volume 2, lch 349. foilsithe 2006: "A shortlist of the most notable among the (re)emergent voices (in contemporary Irish language poetry) might include... Derry O'Sullivan. O'Sullivan's technical ingenuity and agitated intelligence are such that they constantly threaten to outrun his linguistic ability; his elegy for a stillborn child, 'Marbhghin: Glaoch ar Liombo', is one of the most achingly beautiful Irish poems of the twentieth century."
- Poetry Ireland Review, Number 102: "O'Sullivan's language has tremendous range and one would suspect that if Irish were to become a language of Paris it might be spoken as O'Sullivan writes it."