Jump to content

Eoghan Ó Gramhnaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Ó Gramhnaigh
Beathaisnéis
Breith25 Lúnasa 1863
Bás18 Deireadh Fómhair 1899
36 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Sagart agus scoláire Gaeilge ba ea Eoghan Ó Gramhnaigh (Béarla: Eugene O'Growney). Rugadh é ar 25 Lúnasa 1863 ag Baile Átha Faithlinn i mBaile Átha Buí i gContae na Mí agus cailleadh é ar 18 Deireadh Fómhair 1899 i Los Angeles, California.[1]

Le Béarla a tógadh é, agus deirtear nach raibh a fhios aige go raibh an Ghaeilge ann nó gur thug mac léinn i gColáiste Naomh Fíonán san Uaimh eolas dó uirthi.

Chuaigh sé ar Choláiste Naomh Pádraig i Maigh Nuad sa bhliain 1882, agus lean sé air ag déanamh staidéir ar theanga, ar sheandachtaí agus ar stair na hÉireann. Théadh sé ar saoire sa Ghaeltacht, áit ar fhoghlaim sé conas an teanga a labhairt. Rinneadh sagart de sa bhliain 1888 agus ceapadh é mar shagart cúnta i mBaile na Carraige i gContae na hIarmhí. Sa bhliain 1891 ceapadh é mar Ollamh le Léann Ceilteach i Maigh Nuad, agus timpeall an ama chéanna rinneadh eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge de, iris a raibh roinnt alt dá chuid foilsithe cheana inti.

Simple Lessons

[cuir in eagar | athraigh foinse]
An inscríbhinn os cionn uaigh an Ghramhnaigh
Tuama an Ghramhnaigh i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad.

Bhí Ó Gramhnaigh ar dhuine den dream a bhunaigh Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893. Toghadh é mar Leas-Uachtarán an Chonartha toisc é a bheith mór le Dubhghlas de hÍde, agus bhí an post sin aige go dtí lá a bháis.

Is é an saothar is mó a tharraing clú air "Simple Lessons in Irish," sraith ceachtanna a foilsíodh in Irisleabhar na Gaedhilge agus sa Weekly Freeman ar dtús. Ba é an Conradh a chuir na "Simple Lessons" amach ina leabhar sa bhliain 1894. Bhí ráchairt an-mhór air agus díoladh na mílte cóip de.

Sa bhliain 1894, agus an tsláinte ag teip air, thug sé a aghaidh ar Arizona agus ar Chalifornia, mar a bhfuair sé bás den eitinn in aois a shé bliana is tríocha. Cuireadh é i Reilig Chalvaire os cionn Los Angeles. Sa bhliain 1903 aistríodh a chorp go dtí Maigh Nuad ar chomhairle chraobhacha Meiriceánacha Chumann na Gaeilge agus le cead uachtarán Mhaigh Nuad.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]