Nollaig Ó Gadhra
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 16 Nollaig 1943 Fíonach, Éire |
| Bás | 13 Lúnasa 2008 64 bliana d'aois Na Forbacha, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard |
| Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | iriseoir, staraí |
| Teaghlach | |
| Páiste | Máirín Ní Ghadhra |
Iriseoir, staraí, léachtóir agus craoltóir ab ea Nollaig Ó Gadhra (16 Nollaig 1943 – 13 Lúnasa 2008), agus gníomhaí teanga dúthrachtach a bhí ann chomh maith.[1] Fear meabhrach ildánach ab ea é, mar a dúradh faoi go minic tar éis a bháis.[2] Taighdeoir dícheallach agus scríbhneoir bisiúil a bhí ann freisin: de réir an Dictionary of Irish Biography, bhí sé ina dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge ba thorthúla lena linn.[3]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ó Gadhra i gCill Mhuire, Fíonach, Contae Luimnigh, an mac ba shine sa chlann.[1][3] B'as Fíonach dá athair David agus b'as na Foidhrí, Co. Chiarraí, dá mháthair Hannah Flynn; i Meiriceá a casadh an bheirt ar a chéile, agus phós siad tar éis dóibh filleadh ar Éirinn i 1936.[1][3]
Chuaigh sé ar bhunscoil i bhFíonach, agus cuireadh meánscolaíocht air ina dhiaidh sin i nDrom Collachair (1957–60) agus i scoil Bhráithre De La Salle, Port Láirge (1960–62).[1][3]
Céimí ba ea é de chuid Coláiste na hOllscoile, Corcaigh. Bhí Gaeilge agus Stair mar ábhair céime aige (1965). Bhain sé amach Ard-Dioplóma Oideachais an bhliain dár gcionn.[1][3] Le linn dó a bheith ina mhac léinn i gCorcaigh, toghadh é ina uachtarán ar an gComhchaidreamh, comhlacht Gaeilge idir-ollscoile, agus é sa phost sin ó 1965 go 1968.[3]

Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith sé tamall i mBostún, Meiriceá, áit ar fhreastail sé go hachomair ar léachtaí in Ollscoil Harvard, sular fhill sé ar Éirinn.[3] Ar fhilleadh dó, chaith sé roinnt míonna ag obair le RTÉ, mar a raibh sé i mbun Léargas, clár cúrsaí reatha, sular ghlac sé le post mar oifigeach eolais le Gaeltarra Éireann (1970–72).[3] I 1970 phós sé Mairín, iníon leis an scríbhneoir Seán Ó Conghaile (1903–95) as Indreabhán, agus shocraigh an lánúin síos sna Forbacha, i gConamara.[3]
Ina dhiaidh sin bhí sé ina bhainisteoir poiblíochta ar Fháilte an Iarthair (1972–4) sular thosaigh sé, i 1974, mar léachtóir san iriseoireacht, sa chumarsáid, sa Ghaeilge, sa léann Eorpach agus sa nua-stair i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.[3][4] Ba é a bhunaigh an chéad chúrsa tríú leibhéal sa chumarsáid in Éirinn, agus lean sé ag léachtóireacht ann go dtí gur éirigh sé as i 2002.[3] (Tugadh Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, nó GMIT, ar an institiúid ó 1997 i leith; cumascadh í féin ó shin isteach in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), an 1 Aibreán 2022.)[5]
I gcaitheamh a shaoil oibre chleacht sé an iriseoireacht shaor in éineacht lena léachtóireacht, agus bhí sé le feiceáil agus le cloisteáil go rialta ar chláir cúrsaí reatha RTÉ, i mBéarla agus i nGaeilge araon.[3] Bhí colún seachtainiúil aige leis an nuachtán Lá ar feadh tamaill fhada, agus bhí ailt leis i gcló go minic i nuachtáin agus in irisí ar nós An tUltach, Feasta (tuairim is 150 píosa) agus Comhar (ocht n-aiste is tríocha idir 1965 agus 1985); scríobh sé go rialta freisin don Limerick Leader.[6][4]
Bhí suim ar leith aige sa stair a bhain le bunú an Stáit agus i gcúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt ó shin, agus scríobh sé leithéidí Ríocht Roinnte agus Guth an Phobail bunaithe ar an taighde sin.[6]

Dearcadh polaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina anailísí géarchúiseach ar chúrsaí an Tuaiscirt: chreid sé gurbh é tarraingt siar Shasana ó Thuaisceart Éireann an chéad chéim riachtanach chun go bhféadfadh náisiúnaithe agus aontachtaithe teacht ar réiteach eatarthu féin, agus mheas sé go háirithe sna 1970idí go raibh an tarraingt siar sin ag teacht.[3] Dhiúltaigh sé do Chomhaontú Sunningdale (1973) mar chomhréiteach neamh-inoibrithe, agus b'fhearr leis rud éigin ar nós pholasaí 'Éire Nua' Shinn Féin (a lean na Sealadaigh ag an am), a mhol cónaidhm de cheithre chúige féinrialaithe le rialtas lárnach teoranta lonnaithe in Áth Luain.[3]
Bhí teagmháil phearsanta aige le go leor daoine sa ghluaiseacht phoblachtach, chabhraigh sé le doiciméid polasaí agus ábhar poiblíochta a dhréachtú do Shinn Féin (na Sealadaigh) sna 1970idí.
Níos déanaí, sna 1980idí luath, bhí sé thar a bheith mí-shásta leis na Sealadaigh nuair a thréig siad "Éire Nua". Scríobh sé ansin corruair don nuachtán Saoirse, páipéar Republican Sinn Féin (páirtí a bunaíodh sa bhliain 1986).[3] [7]
Bhí sé an-cháinteach ar na meáin Éireannacha, go háirithe RTÉ, agus é den tuairim go raibh claonadh frith-náisiúnta láidir iontu i dtaca le tuairisciú ar imeachtaí an Tuaiscirt; chuir sé i gcoinne Alt 31.[3] Cé gur mhór an tsuim a bhí aige sa pholaitíocht, d'fhan sé glan ar na páirtithe bunaithe, agus sheas sé, gan éirí leis, mar iarrthóir neamhspleách i dtoghchán an tSeanaid do dháilcheantar Ollscoil na hÉireann in Eanáir 1983.[3]
An Ghaeilge agus an ghníomhaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díograiseoir a bhí ann i leith na Gaeilge agus athbheochan na teanga. I 2004 toghadh é ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, an 30ú duine sa phost sin, i gcomharbacht ar Shéagh Mac Siúrdáin; tháinig Dáithí Mac Cárthaigh i gcomharbacht airsean i 2005.[8]
Bhí sé ina dhuine de bhunaitheoirí Theilifís na Gaeilge, a bunaíodh i 1994 agus ar a dtugtar TG4 ó 1999 i leith.[4]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith sé go leor dá shaol ag streachailt le tinneas — bhí diaibéiteas ainsealach air ó bhí sé ina fhear óg — ach lean sé dá shaothar go dtí an deireadh.[1][3]
Fuair sé bás go tobann ina theach cónaithe sna Forbacha ar an 13 Lúnasa 2008.[9][10] D'fhág sé ina dhiaidh a bhean chéile Máirín agus ceathrar clainne; ina measc bhí Máirín Ní Ghadhra (iriseoir le Raidió na Gaeltachta ó shin), Dáithí agus Siobhán.[3][10]
Leabhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Gandhi (1969)
- John Boyle O'Reilly agus an Glór Gael-Mheiriceánach (1976)
- Éamann Iognáid Rís (1977, 1996)
- Richard J. Daley, Méara Chicago (1979) — meastar gurb é seo ceann de na saothair beathaisnéise Gaeilge is cuimsithí dá bhfuil ann.[3]
- 1972 (gan dáta)
- Guth an Phobail: Teip an Daonlathais ar Oirthuaisceart Éireann (1984)
- Ríocht Roinnte: Cúlra agus Ceachtanna Olltoghchán Westminster 1983 sna Sé Chontae (1985)
- Éire agus Polaitíocht na hEorpa: Léargas ar Thoghcháin Dhíreacha an Chomhphobail Eorpaigh (1986)
- Margáil na Saoirse (1988)
- An Ghaeltacht (oifigiúil) agus 1992? (1989)
- An Chéad Dáil Éireann, 1919-1921 agus an Ghaeilge (1989)
- Gaeltacht Mhaigh Eo (gan dáta)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 6 "Ó GADHRA, Nollaig (1943–2008)" (ga-IE). ainm.ie – An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- ↑ Máire Geoghegan-Quinn (29 Meán Fómhair 2017). "‘Bhuel, sin feic nach bhfaca mé cheana. Aire Dlí is Cirt na tíre ag beathú m’othair’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 "Ó Gadhra, Nollaig" (en). Dictionary of Irish Biography. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- 1 2 3 "Nollaig Ó Gadhra" (en). Vicipéid an Bhéarla. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- ↑ "Management Group" (en). GMIT. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- 1 2 Máirín Ní Ghadhra. "Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde" (en). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- ↑ "Republican SINN FÉIN Poblachtach" (ga). Republican SINN FÉIN Poblachtach (2026-07-21). Dáta rochtana: 2026-08-13.
- ↑ "President of Conradh na Gaeilge" (en). Conradh na Gaeilge. Dáta rochtana: 2026-08-13.
- ↑ Nuacht RTÉ (2008-08-14). "Fmr Conradh na Gaeilge president dies" (as en).
- 1 2 "Former President Nollaig Ó Gadhra Dies" (en). Conradh na Gaeilge. Dáta rochtana: 2026-08-13.