John Boyle O'Reilly
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Meitheamh 1844 Contae na Mí |
Bás | 10 Lúnasa 1890 46 bliana d'aois Bostún, Massachusetts |
Áit adhlactha | Holyhood Cemetery (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Mary Murphy O'Reilly |
File, úrscéalaí agus gníomhaí ar son na hÉireann ab ea John Boyle O’Reilly as Contae na Mí (a rugadh ar 28 Meitheamh 1844 agus a d’éag ar 10 Lúnasa 1890).[1]
Éire agus Sasana
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fínín, agus de bharr a bhallraíocht i mBráithreachas na Poblachta, gabhadh é sa bhliain 1866. Caitheadh é i bPríosún i mBaile Átha Cliath ar dtús agus ansin Sasana.
Astráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]In aimsir na bhFíníní sna 1860idí, gearradh téarmaí fada príosúnachta ar na céadta acu siúd a bhí páirteach san eagraíocht. Iadsan ar gearradh téarma níb fhaide ná seacht mbliana orthu, díbríodh go dtí an Astráil iad.
Cuireadh O'Reilly sall go dtí an Astráil mar phríosúnach, áit a chaitheamh i bPríosún Fremantle é in iarthar na hAstráile.
Tar éis eachtraí go leor, d’éirigh leis éalú agus a bhealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe. Ba é duine de bhuíonn fíorbheag a d’éirigh leofa éalú as an Astráil.
Na Stáit Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a d’éirigh leis éalú go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. chuir sé faoi i mBostún.
Ag obair mar iriseoir dó leis an nuachtán The Pilot, scaip a cháil agus bhain sé cumhacht mhór amach i measc an phobail Éireannach a bhí ann. Scríobh sé cuid mhaith leabhair idir filíocht, úrscéalta agus cúrsaú reatha agus bhí tóir air mar léachtóir freisin.
An Tarrtháil Catalpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir na Fíníní a bhí fós sa bpríosún litir chuig O’Reilly ("glór ón tuama” mar a thug siad air) ag impí air cabhrú leo éalú. Chuaigh seisean agus John Devoy, duine eile de cheannairí na bhFíníní sna Stáit Aontaithe, i mbun oibre. Bailíodh airgead i Meiriceá agus san Astráil chun na seisear a tharrtháil.
=> Príomhalt: An Tarrtháil Catalpa
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a bhás conspóideach go leor ós rud é gur thóg sé piollairí le hoíche mhaith chodlata a bheith aige. Thóg sé ródháileog is cosúil, de thaisme b'fhéidir, agus bhuail taom croí é, ach dúradh go mb’fhéidir gur chuir sé lámh ina bhás féin. Ar ndóigh níorbh fhéidir é seo a chruthú nó a dhiúltú go dearfa.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nollaig Ó Gadhra (1976). "John Boyle O'Reilly agus an glór Gael-Mheiriceánach" (as Irish). Baile Átha Cliath (Dublin): Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.