Na Forbacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Forbacha)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa Forbacha

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°09′N 9°07′W / 53.15°N 9.12°W / 53.15; -9.12
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde15 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1166137

Tá lonnaíocht na bhForbacha[1] suite 12 km siar ó Chathair na Gaillimhe ar Chuan na Gaillimhe. Tá sé i bparóiste Bhearna, ach ó thaobh An Posta de, is i gceantar An Spidéil atá sé. Go dtí le deireannas (thart ar lár na n-ochtóidí) is ar an bhfeilméaracht a bhíodh daoine ag saothrú a slite beatha. Go stairiúil bhíodh daoine ag tógáil a gcuid earraí talmhaíochta soir go Gaillimh le díol ann. Bhí an lonnaíocht buailte go dona leis an imirce sna seachtóidí agus na hochtóidí, agus níl teaghlach dúchasach ar an mbaile nach bhfuil gaolta leo thar lear.

Leanann Na Forbacha an stíl lonnaíochta traidisiúnta Gaeltachta i.e. na tithe cruinnithe i ngrúpaí (clacháin) suas na bóithrí ó thuaidh ón chósta. Ní raibh aon sráidbhaile lárnach ann go dtí le déanaí (2007) nuair, de bharr pholasaithe pleanála lucht pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, tógadh aonad le siopaí, le heastáit tithíochta beag (cúig déag teach), agus le h-árasáin ann.

Tá deich gcinn de bhailte sna Forbacha agus is seo mar a leanas iad;

Cnocán An Bhodaigh, An Straidhp, an tSaoirsin, Baile na hAbhann, Na Poillíní, Doire Uachtair, Aill An Phréacháin, An Coisméig Mór, Na Forbacha Garbha, Seanadh Fhréachóg.

Tá na Forbacha suite i gCois Fharraige, Conamara, Contae na Gaillimhe. Is ann atá príomhoifig Údarás na Gaeltachta. Tá oifigí ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann, chomh maith.

Tá na Forbacha ar theorainn theangeolaíocht thoir de Ghaeltacht na Gaillimhe. Is ann a thagann tú ar an chéad scoil lán Ghaelach, an chéad teach phobail ina léitear an t-Aifreann i nGaeilge amháin, agus an chéad siopa ina bhfuil an comharthaíocht go huile dhátheangach, agus tú ag déanamh do bhealach siar as Gaillimh.

Ó thaobh áiseanna pobail de tá ionad phobail, teach ósta, óstán, siopa, páirc peile, naíonra, naíolann, scoil náisiúnta, teach Baisteach (Baptist) agus séipéal Caitliceach. Níl aon oifig an phoist ná meánscoil sna Forbacha.

Maidir le figiúirí an daonáireamh atá luaite ar dheis. Tá na bailte seo a leanas mar chuid de Thoghroinn na bhForbacha chomh maith le na bailte thuasluaite;

Doire an Locháin Thoir, Doire an Locháin Thiar (An Spidéal), Doire Chrith, Leitir Gungaid, Leamhchoill (Máigh Uilinn).

Is é an toghroinn seo atá i gceist agus an daonra atá luaite.

Ó thaobh cúrsaí pleanála de is i gCeantar Chois Fharraige atá Na Forbacha suite agus dá bharr sin ní foláir go mbeidh 80% de thithe i chuile scéim tithíochta, ar fáil go lucht labhartha na Gaeilge.

  1. Na Forbacha/Furbogh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.