Daltaí na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaDaltaí na Gaeilge
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1981

Suíomh gréasáindaltai.com Cuir in eagar ar Wikidata

Eagraíocht Ghaeilge Mheiriceánach is ea Daltaí na Gaeilge.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Soláthraíonn an eagraíocht tumchláir Ghaeilge i Nua-Eabhrac, i New Jersey agus i bPennsylvania (cúrsa ocht lá sa samhradh; ceardlann do mhúinteoirí; ceithre dheireadh seachtaine; Lá Gaeilge; deireadh seachtaine lán-Ghaeilge le haghaidh daoine líofa amháin). Chomh maith leis sin, cuireann an eagraíocht ar chumas foghlaimeoirí Gaeilge i ngach cuid de shaol na Gaeilge dul i dteagmháil le teagascóirí oilte.

Nua-Eabhrac na Gaeilge: ó lár na cathrach

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ethel Brogan, nach maireann, a bhunaigh Daltaí na Gaeilge. Rugadh agus a tógadh i gcathair Ard Mhacha í. Bhí sí sáite sa chultúr Gaelach agus chaitheadh sí mí sa Ghaeltacht gach samhradh ag foghlaim na teanga. Sa bhliain 1946, chuaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe agus chuir sí fúithi i Nua-Eabhrac. I gceann tamaill thosaigh sí ag múineadh Gaeilge. Ní raibh na ranganna seo ar siúl ach oíche amháin sa tseachtain, ach i mí an Mhárta 1981 chuir sí "deireadh seachtaine Gaeltachta" ar siúl i Nua-Eabhrac chun go mbeadh foghlaimeoirí in ann tairbhe a bhaint as seisiún tumoideachais.

As an deireadh seachtaine sin a tháinig Daltaí na Gaeilge, eagraíocht neamhbhrabúis atá cláraithe i Stát New Jersey. Tá suíomh idirlín acu a bhfuil clár díospóireachtaí, ceachtanna agus a lán acmhainní eile ann i gcomhair foghlaimeoirí agus múinteoirí.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]