Cumann Oisíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann Oisíneach
Sonraí
Cineáleagraíocht shaorálach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíeagraíocht shaorálach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1853, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata

Cumann liteartha ba ea an Cumann Oisíneach (Ossianic Society). Bunaíodh é sa bhliain 1853 agus chuir sé béim ar litríocht Oisín agus na Féinne.

Orthu siúd a bhunaigh é bhí Seán Ó Dálaigh, William Smith O’Brien agus John Windele. Bhí Standish Hayes O’Grady ina bhall den chumann agus i gceann tamaill rinneadh uachtarán de. Faoin mbliain 1860 bhí 746 síntiúsóir ann agus bhí sé imleabhar d’ “Imeachtaí” tagtha amach. Stad an Cumann sa bhliain 1863, cé go raibh eagráin eile ar na bacáin.

Tugadh aird ar leith ar aistriúcháin laoithe na Féinne agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Rinneadh iarracht ar idirdhealú a dhéanamh idir scoláirí an Chumainn agus scoláirí i gcumainn eile a bhí (mar a síleadh) faoi choimirce na huasaicme. Is léir ó litreacha na mball nár réitigh scoláirí an Chumainn go maith le Eoghan Ó Comhraí agus le hAcadamh Ríoga na hÉireann, agus gur minic a theip orthu radharc a fháil ar seanlámhscríbhinní. Bhí baill den Chumann in achrann leis an Irish Archaeological and Celtic Society, agus bhí conspóidí taobh istigh den Chumann féin. Chreid Windele, áfach, gur mhór an cúnamh iad foilseacháin an Chumainn Oisínigh chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar áis taighde.

Bhí a lán síntiúsóirí ina gcónaí thar lear. Sa bhliain 1855 dúirt foilseachán bliantúil an Chumainn go raibh dlúthchaidreamh idir é agus Cumann Celtic Sydney (a raibh tríocha ball aige). Sa bhliain 1861 bhí ceathrar síntiúsóirí i Melbourne na hAstráile agus bhí scata maith in Sydney. Orthu sin bhí roinnt cléireach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]