Comunn na Gàidhlig
Cuma
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | eagraíocht |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1984 |
| Bunaitheoir(í) | Oifig na hAlban |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Suíomh gréasáin | cnag.org |
Is eagraíocht neamhbhrabúis é Comunn na Gàidhlig a bunaíodh in 1984. An phríomhaidhm atá aige ná Gaeilge na hAlban a chur chun cinn.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Oifig na hAlban Comunn na Gàidhlig in 1984 chun forbairtí nua i bpolasaí na Gàidhlig a chomhordú. Tá stádas carthanachta aige. Tá oifigí aige i Steòrnabhagh, in Inbhir Nis, i nGlaschú, agus foireann bhreise lonnaithe in Uibhist, san Eilean Sgitheanach, in Íle, i nDún Éideann agus i Loch Abar. Is é Dòmhnall MacNèill a cathaoirleach.
Níor cheart Comunn na Gàidhlig a mheascadh leis an gComunn Gàidhealach, cumann a bhfuil sainchúram cultúrtha níos leithne aige, nó Bòrd na Gàidhlig, eagraíocht neamhspleách stáit.