Dáithí Mac Cárthaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dáithí Mac Cárthaigh

Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 2004-2008. Abhcóide. Pósta. Triúir clainne air. Tátar á dtógáil le Gaeilge i Ráth Chairn, Contae na Mí. Oideachas ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath.

Bhí sé lárnach san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach. Chothaigh conspóid um Cháisc, 2006 nuair a dhiúltaigh sé do chuireadh bheith i láthair ag léamh Fhorógra na Poblachta os comhair Árdoifig an Phoist, Baile Átha Cliath, toisc an léamh a bheith i mBéarla amháin.

Óige agus Oiliúint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Dáithí Mac Cárthaigh in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman agus is ann a ndeachaigh sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí. Chuir sé suim sa Ghaeilge le linn a óige agus d’fhreastail ar Choláiste na bhFiann. Tháinig sé go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh i 1986 áit ar bhain sé amach B.A. sa Ghaeilge agus sa Dlí i 1989, M.A. i gCanúineolaíocht na Gaeilge i 1995 agus LL.B. sa Dlí i 1996. Glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1998 agus cleachtaíonn sé mar abhcóide.

Saol mar Ionadaí Tofa Mac Léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh é ina oifigeach oideachais ar Chomhaltas na Mac Léinn in OÉ Gaillimh i 1989 agus d’eagraigh sé feachtas chun go mbeadh polasaí dátheangachais ag an gComhaltais agus Oifigeach Gaeilge chun an polasaí sin a phóilínteacht agus a chur i bhfeidhm. Ghlac mic léinn an Choláiste seo le leasú chuige sin ar Bhunreacht an Chomhaltais le móramh 9:1 i reifreann.

Toghadh é ina Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn i 1990 agus leag sé amach nósmhaireacht chun an polasaí dátheangachais sin a chur i bhfeidhm:- Cuireadh gach ábhar scríofa de chuid an Chomhaltais amach go dátheangach ó chuntais na bliana go dtí T-léintí, postaeir agus clár imeachtaí Sheachtain na nGiobal. D’ath-eagraigh sé gnólachtaí an Chomhaltais agus mar chuid de sin ceapadh bord bainistíochta, cuireadh an polasaí dátheangachais i bhfeidhm ar earcaíocht agus tugadh feidhm do Oifig na Gaeilge Labhartha OÉ Gaillimh chuige sin. Arís ghlac na mic léinn leis na moltaí sin i reifreann.

Mar Uachtarán ar Chomhaltas na Mac Léinn chuir sé moltaí os comhair Choiste Rialaithe OÉ Gaillimh chun caighdeán agus réimse na seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú agus a leithniú: réamhtheachta an Achta Teanga.

Obair ar son na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar Charmanach bhí spéis aige riamh sa Bhreatnais agus i nGluaiseacht na Breatnaise. Chaith sé 6 mhí ina mhac linn in Ollscoil na Breatnaine Bige i 1992 idir Llanbedr Pont Steffan agus Aberystwyth ag foghlaim na teanga agus faoi ghluaiseacht na teanga thall. D’eagraigh sé roinnt turasanna do cheannairí na mac léinn, ceannairí Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ach go háirithe, chun na Breataine Bige agus chruthaigh nasc le hAontas Mhic Léinn na Breataine Bige (UCMC) chun nósmhaireacht an dátheangachais i ngluaiseacht na mac léinn abhus a láidriú. Ghlac roinnt aontas áitiúil agus AMLÉ le polasaithe dátheangachais.

Thuig sé i gcónaí an ceangail idir an stádas atá ag teanga agus an claonadh atá i ndaoine dul léi, an ceangal idir na deiseanna a bhíonn ag daoine an teanga a úsáid agus minicíocht úsáide na teanga sin, idir imeallú agus meath, idir normálú, saothrú agus fás.

Ag Oireachtas na Gaeilge 1995 d’eagraigh sé comhdháil lae idirnáisiúnta dlí i gColáiste na Tríonóide ar stádas agus ar reachtaíocht teanga le cainteoirí as Éirinn, as Ceanada agus as an mBreatain Bhig. Chuir sé eagar ar na páipéir a tugadh agus ábhar eile agus foilsíodh iad i bhfoirm leabhair i 1998: I dTreo Deilbhcháipéise d’Acht Teanga Éireannach.

Mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge bhí baint lárnach aige leis an bhfeachas i dTeach Laighean agus sna meáin chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt chun cinn agus a laidriú agus san ollfheachtas chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach.

Eagraíonn sé i gcomhair le Gael-Linn Bréagchúirt Uí Dhálaigh, comórtas bréagchúirte Gaeilge bliantúil do mhic léinn dlí tríú leibhéil i ndilchuimheamh an IarPhríomhbhreithimh agus an IarUachtaráin ar Éirinn: Cearbhall Ó Dálaigh. Tá an comórtas seo ag dul ó neart go neart ó 1997 i leith.

Sa bhliain 2008 agus Dáithí Mac Cárthaigh ina uachtarán, ghlac Conradh na Gaeilge le bunreacht nua a réitigh leis leagan amach neamhpholaitiúil roimh 1915 agus a d'fhág ar lár aon aon tagairt do shaoirse na hÉireann. Seo mar a fhoráiltear le Bunreacht an Chonartha: "Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann".

Obair mar Abhcóide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge Óstaí an Rí ó 2010. I gceannas ar chúrsaí iarchéime a chuireann oiliúint ar chéimithe ar mian leo bheith ina ndlítheangeolaithe Gaeilge agus ina n-aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Mar Abhcóide déanann Dáithí go leor oibre dlí chun cearta teanga a chosaint.

Ag Oireachtas na Gaeilge i 2004 d’eagraigh sé mar Tháiniste an Chonartha seiminéar ar an ngéarchéim atá sa nGaeltacht faoi láthair agus gnás labhairt na Gaeilge faoi ollbhrú ag forbairtí míchuí beag beann ar impleachtaí teanga.

Creideann sé gur sna réimsí pleanála agus oideachais atá na dúshláin nach mór dúinn mar phobal teanga a réiteach sna blianta beaga amach romhainn agus molann mar chuid de réiteach tograí oideachais teanga-lárnaithe sna ceantair Ghaeltachta mar atá ar bun ag OÉ Gaillimh: m.sh. coláistí ullmhcháin Ghaeilge do ábhair oidí agus scoil iarchéime i gcúrsaí agus i ndlíthe na hEorpa.

Bronnadh Duais Hewlett-Packard don Ghaeilge air ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2004.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]