Feachtas "Stádas"
Cineál | feachtas polaitiúil | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 2003 - 2005 | ||
Bunaitheoir(í) | Pádraig Ó Laighin | ||
Tír | Éire | ||
Rannpháirtí | |||
An feachtas ar a tugadh Stádas, bhí sé idir lámhaibh ag na heagraíochtaí Gaeilge in Éirinn sna blianta 2003-2005, agus é dírithe ar stádas oifigiúil iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach.[1] Tharla sé sin sa bhliain 2022.[2]
Agóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáladh An Lá Mór i mBaile Átha Cliath ar an 24 Aibreán, 2004. Bhí Stádas agus Na Gaeil Óga taobh thiar den fheachtas a raibh stádas oifigiúil na Gaeilge san AE mar chríoch air.
Stádas san Aontas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ar an 1ú Eanáir 2007 a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge. Ach bhí socrú maolaithe i bhfeidhm go dtí 2022, mar gheall ar an nganntanas foirne aistriúcháin, a chuir srian ar an méid ábhair a haistríodh go Gaeilge.[4]
Ó 1 Eanáir 2022 i leith, tá an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.[4][2]
Feachtas 2003-2005
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é an Dochtúir Pádraig Ó Laighin, a raibh tréimhse fhada caite aige i gCeanada, agus tuiscint aige do pholasaí teanga na tíre, a chuir tús leis an bhfeachtas. Eisean a scríobh príomhdhoiciméid an fheachtais, an aighneacht údarásach a leag sé faoi bhráid an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip san áireamh, agus ba é a bhí mar phríomhurlabhraí thar ceann Stádais le linn an fheachtais.
Rinne Aoife Ní Scolaí comhordú ar rannpháirtíocht Chonradh na Gaeilge san fheachtas, go háirithe ar eagrú mórshiúil i mBaile Átha Cliath ar 24 Aibreán 2004, 'An Lá Mór', a raibh tuairim is cúig mhíle duine páirteach ann.[3]
Le linn an fheachtais, tháinig sé chun solais go raibh Panu Petteri Höglund i ndiaidh achainí dá chuid féin a chur ar siúl ar an Idirlíon ar mhaithe leis an gcuspóir céanna. Thug Stádas lántacaíocht don achainí sin, agus rinne siad cinneadh go dtabharfaí cuireadh do Panu Petteri Höglund a bheith i láthair sa mhórshiúl agus labhairt ag an léirsiú mór os comhair Dháil Éireann, i Sráid Theach Laighean.
Thug an feachtas seo spreagadh do Ghaeilgeoirí óga na hÉireann eagraíocht nua dá gcuid féin, Na Gaeil Óga, a bhunú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ D’fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ...; Houses of the Oireachtas (2004-06-03). "Thursday, 3 Jun 2004" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-01-02.
- ↑ 2.0 2.1 Arthur Beesley Current Affairs Editor. "Morale boost for Irish language as number of translators in Brussels rises .. One reason for delaying “full status” for so long was the lack of suitable candidates for the work. .. “The competitions attracted a relatively high number of applicants but they yielded only 10 successful translators and nine assistants in 2017"." (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-08.
- ↑ 3.0 3.1 "Language group calls for status 'without delay'" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-02.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2021-12-31). "Stádas iomlán don Ghaeilge san AE ó amárach ar aghaidh" (as ga).