Jump to content

Na Gaeil Óga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baineann an t-alt seo leis an eagraíocht stocaireachta sna 2000í; má tá spéis agat sa gclub CLG, féach Na Gaeil Óga CLG.
Bosca Sonraí EagraíochtaNa Gaeil Óga
Sonraí
Cineáleagraíocht abhcóideachta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2003

Eagraíocht stocaireachta ar son na Gaeilge ab ea na Gaeil Óga, a tháinig ar an bhfód go spontáineach le cuidiú leis an bhfeachtas a bhí ar siúl sna blianta 2003-2004 le stádas oifigiúil iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Nuair a bhí an cuspóir sin bainte amach, áfach, tháinig tuilleadh fáis agus forbartha ar an eagraíocht, agus bhí sí ar an eagraíocht Gaeilge ba luaithe fáis ar feadh tréimhse. Bhí craobhacha aici i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan, i mBéal Feirste, i Luimneach, i nGaillimh, agus i gCorcaigh.

Ní léir an ann don eagraíocht a thuilleadh. Spreag an eagraíocht ainm an chumainn CLG Na Gaeil Óga, CLG, a raibh roinnt de bhaill an ghrúpa stocaireachta ann ón tús.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]