Na Gaeil Óga, CLG

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Na Gaeil Óga CLG)
Jump to navigation Jump to search
Na Gaeil Óga CLG
Na Gaeil Oga.png
Béarla: Na Gaeil Óga
Bunaithe: 2010
Contae: Baile Átha Cliath
Roinn: Ranna 5 & 10 Ó Dheas Contae i bpeil na bhfear. Roinn 7 san iomáint agus sa chamógaíocht. Roinn 8 Peil na mban.
Peil: Sóisear A
Iomáint: N/A
Dathanna: Dúghorm agus Spéirghorm
Páirc: Páirc an Fhionnuisce
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is cumann lán-Ghaeilge Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath é Na Gaeil Óga, CLG a bunaíodh sa bhliain 2010.[1][2]

Imríonn Na Gaeil Óga a gcuid cluichí baile i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Naomh Caitríona i Leamhcán. Ón mbliain 2014 tá struchtúr faoi aois acu i Leamhcán i nGaelscoil Naomh Pádraig. Glacann an cumann páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta agus in Iomain Cholmcille.

Bunú an chumainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Ciarán Mac Fheargusa ag cur suime i gcumann CLG lán-Ghaeilge sa bhliain 2010. Scaip sé ceistneoir ina thaobh agus fuair an-chuid freagraí dearfacha. Tháinig sé féin agus grúpaí éagsúla le chéile, mic léinn as COBÁC - Cathal Mac Dhaibhéid, Eoin P. Ó Murchú, agus Cormac Breathnach chomh maith le Ciarán Ó Feinneadha, fear a raibh lámh aige i gclub lán-Ghaeilge a bhíodh lonnaithe i mBÁC cheana ach ar tháinig deireadh leis Clann Choláiste Mhuire. D'fhreastail scata beag acu ar an gcéad chruinniú áit a raibh Daithí De Buitléir, fear a bhí ina chéad chathaoirleach ar an gclub.

Tosaíodh ar thraenáil theoranta le buíon bheag i bPáirc an Fhionnuisce ag deireadh na bliana 2010. Smaoiníodh ar ainmeacha éagsúla Na Gaeil Óga, Clann Baoiscne (a bhí mar ainm sealadach ar feadh scaithimh) agus Gaeil Dhuibhlinne.

D'éirigh leis an gcumann aitheantas a bhaint amach go luath sa bhliain 2011 agus thosaigh siad ar thraenáil a chur ar siúl in Ionad Fóillíochta Bhaile Formaid. Dhear Cathal Mac Dhaibhéid na geansaithe agus an suaitheantas, ghlac Ciarán Ó Feinneadha ról mar bhainisteoir agus Ciarán Mac Fheargusa mar urlabhraí. Tháinig Marcus Ó Léanacháin mar thraenálaí. D'éirigh leis an gcumann breis is 60 fear a chlárú. Chuir an cumann isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2011 agus d'éirigh lena n-iarratas. Thosaigh an Cumann ag imirt i sraith a deich sóisear (as 11 sraith) i mBÁC. Is i gcoinne Chroí Ró Naofa a chéadbhuaigh siad cluiche. Is in aice Dhún na hArmlainne a bhíonn an fhoireann ag traenáil.

Is as Baile Átha Cliath go elor de bhaill an chumainn agus bíonn baill as gach cearn den tír chomh maith, na Gaeltachtaí ar fad ina measc. Bhí imreoirí as Sasana, Meiriceá agus as an mBrasaíl ag imirt leo ag tréimhsí éagsúla.

Bunaíodh an fhoireann camógaíochta do mná fásta sa bhliain 2015. Bunaíodh an dara foireann iomána d'fhir fásta sa bhliain 2019.

Struchtúr faoi aois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh struchtúr faoi aois do chailíní agus bhuachaillí sa cluichí Gaelacha ar fad i Meán Fómhair na bliana 2014. Bíonn sé ar siúl i nGaelscoil Naomh Pádraig i Leamhcán.

Foirne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá fhoireann peile fear a imríonn i sraith 10 Bhaile Átha Cliath agus i Sraith 5 chomh maith le foireann peile na mban acu. Tá foireann iomána agus camógaíochta acu leis.

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2011 - Sa chéad bhliain dóibh bheith ar an bhfód, tháinig Na Gaeil sa dara áit ón mbun i sraith a 10 theas de Léig Peile na nDaoine Fásta, agus cuireadh amach as an gcraobhchomórtas ag staid na leathchraoibhe den Chraobhchomórtas Peile Sóisear E.
  • 2012 - Sa dara bliain bhuaigh foireann A na bhfear Sraith a 10 Theas Contae sa pheil. Bhuaigh an fhoireann Corn Uí Bhroin sa bhliain chéanna chomh maith.[3] Tháinig an fhoireann B ag bun a léige.
  • 2013 - Fuair foireann A na bhfear agus foireann na mban ardú céime chuig sraith a hocht araon.
  • 2014 - Fuair foireann A na bhfear ardú céime.
  • 2015 - Fuair foireann A na bhfear ísliú céime.
  • 2016 - Fuair foireann A na bhfear ardú céime. Bhain an fhoireann chamógaíochta cluiche ceannais an craoibhe amach. Fuair foireann iomána na bhfear ardú céime sa chraobhchomórtas go Craobhchomórtas E.
  • 2017 - Bhuaigh foireann A na bhfear Sraith 7 agus bhain ardú céime amach go Sraith 6. Bhuaigh foireann iomána na bhfear Sraith 8 agus bhain ardú céime amach go Sraith 7. Fuair foireann iomána na bhfear ardú céime sa chraobhchomórtas go Craobhchomórtas D as cluiche ceannais E a bhaint amach.
  • 2018 - Bhuaigh an fhoireann camógaíochta Roinn 8. Bhuaigh foireann A na bhfear Sraith 6 (15/15 chluiche buaite acu) agus bhain ardú céime amach go Sraith 5. Bhain an fhoireann iomána ardú céime sa chraobhchomórtas go Craobhchomórtas C as cluiche ceannais D a bhaint amach.

Cathaoirligh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2010/11 - Daithí Bán De Buitléir/Eoin P. Ó Murchú(sealadach)
  • 2011/12 - Daithí Bán De Buitléir/Ruadhan Ó Feinneadha (sealadach)
  • 2012/13 - Daithí Bán De Buitléir
  • 2012/13 - PJ Mac Gabhann
  • 2014/14 - PJ Mac Gabhann
  • 2015/16 - Eoin P. Ó Murchú
  • 2016/17 - Eoin P. Ó Murchú
  • 2017/18 - Bairbre Ní Chonchúir
  • 2018/19 - Rónán Ó Dálaigh

Comórtas Peile na Gaeltachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shroich foireann na mban an cluiche ceannais i gComórtas na mBan sa bhliain 2012.

Cailíní Gaelacha agus staileanna Gaelacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn comórtas bliantúil ag an gcumann cailín a roghnú do chomórtas an Chailín Ghaelaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta.

  • 2011 - Dani Nic an tSionnaigh
  • 2012 - Emma Nic Lochlainn
  • 2014 - Lisa Nic an Bhreithimh
  • 2012 - Aindriú Ó Faoláin
  • 2016 - Edel Ní Bhraonáin

Duaiseanna atá buaite ag an gCumann[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Duais Spiorad Comhphobail Bhus Átha Cliath 2012
  • Duais Contae An Turas Teanga 2014
  • Duais Comhdhaonnachta Chomhairle Contae Áth Cliath Theas 2015
  • Príomhdhuais Náisiúnta An Turas Teanga 2016 (CLG + Glór na nGael)
  • Duais aitheantais Uachtarán Chonradh na Gaeilge 2016
  • Duais Tréaniarrachta Ardmhéara Átha Cliath 2016
  • Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2017
  • Bonn Airgid, Boinn Sheosaimh Mhic Dhonncha 2017
  • Bronnadh Gradam an Uachtaráin don Ghaeilge ar Chiarán ó Feinneadha in 2019 as a iarrachtaí leis an gcumann agus le cumainn eile.
  • Bronnadh Gradam MacNamee don Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael ar Sheán T. Ó Meallaigh in 2019 as físeán a dhéanamh faoi fhoireann A na bhfear a bheith ag díriú ar an 15ú cluiche sraithe as a chéile a bhuachan ag deireadh 2018.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]