Spreagthóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réigiún neamhchódaithe ar an ADN díreach taobh le géin, a fheidhmíonn mar a bheadh lasc ann a ligeann don tras-scríobh dul ar aghaidh. Nascann próitéiní éagsúla (fachtóirí tras-scrioptáise) leis na seichimh ADN spreagthóra, agus ar deireadh earcaíonn an einsím polaiméaráis RNA. Ansin tosaíonn sí seo ar thras-scríobh na géine.

Tá spreagthóirí le fáil in aice le láithreáin tosaithe tras-scríofa, ar an dual céanna agus suas i dtreo réigiún 3′ den dual frithchéadfach.

Is féidir le spreagthóirí a bheith timpeall 100-1000 péire bunanna ar fad.[1]

Léargas ginearálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun tras-scríobh a chur i bhfeidhm, caithfidh an einsím a shíntéisíonn RNA nascadh leis an ADN láimh le géin. Tá seichimh ADN istigh i spreagthóirí a sholáthraíonn láithreán nasctha do pholaiméaráis RNA agus do phróitéin darb ainm fachtóirí tras-scríofa a earcaíonn polaiméaráis RNA. Tá seichimh mhúsclóra nó shriantóra de núicléitidí comhfhreagracha ag na fachtóirí úd, seichimh a nascann le spreagthóirí ar leith agus a rialann léiriú na ngéinte.

Tá tábhacht ar leith le spreagthóirí mar eilimintí a fhéadann dul i gcomhar le réigiúin rialaithe eile (feabhsaitheoirí, ciúnadóirí, inslitheoirí) chun leibhéal an tras-scríofa ar ghéin a stiúradh.

Spreagtar spreagthóirí de thoradh athruithe ar fhlúirse nó ar chonformáil na bpróitéan rialaithe i ngéin, athruithe a mhúsclaíonn fachtóirí tras-scríofa chun go n-earcóidís polaiméaráis RNA.[2][3]

Ionad coibhneasta a shainaithint[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth tá spreagthóirí an-ghar don ghéin atá i gceist, agus ainmnítear ionaid sa spreagthóir de réir an láithreáin tosaithe tras-scríofa, mar a dtosaíonn tras-scríobh an ADN i gcomhair géin áirithe: uimhreacha diúltacha a luaitear leis na hionaid úd suas an bealach, ag comhaireamh siar ó -1. Ionad atá 100 péire bunanna suas an bealach is ea -100.

Ionad coibhneasta i núicléas na cille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealraíonn sé go ndáiltear spreagthóirí go fabhrach ar chiumhais na gcríoch crómasómach, agus is dócha go gcuidíonn sé seo le chomhléiriú na ngéinte ar chrómasóim dhifriúla.[4] Chomh maith leis sin, tá airíonna struchtúracha áirithe ag spreagthóirí a oireann do gach crómasóm sa duine.[4]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Analysis of Biological Networks: Transcriptional Networks – Promoter Sequence Analysis".
  2. Chromatin remodeling: from transcription to cancer.Cancer Genet. 2014 Sep;207(9):352-7.
  3. Promoter organization of the interferon-A genes differentially affects virus-induced expression and responsiveness to TBK1 and IKKepsilon. J Biol Chem. 2006 Feb 24;281(8):4856-66.
  4. 4.0 4.1 Gagniuc, P (2013). "Gene promoters show chromosome-specificity and reveal chromosome territories in humans.". BMC Genomics 14 (278): 278. doi:10.1186/1471-2164-14-278. PMID 23617842.