Gàidhealtachd na h-Alba

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gàidhealtachd)
Dáileadh Geografach na gCainteoirí Gàidhlige in Albain (2001)

Is focal de chuid Ghaeilge na hAlban é Gàidhealtachd (kɛːəlˠ̪t̪əxk éist), focal a bhfuil brí níos leithne leis ná brí an fhocail Gaeltacht. Is féidir an focal seo a úsáid do na Garbhchríocha agus Oileáin na hAlban, .i. áiteanna faoi thionchar an chultúir Ghaelaigh, nó mar téarma teangeolaíochta, .i. an réigiún ina labhraítear Gaeilge na hAlban. Tugtar Galldachd ar an gcuid eile den tír, .i. Galltacht Alban.

Lena chois sin tugtar A'GhàidhealtachdComhairle na Gàidhealtachd ar an gcomhairle áitiúil a bhfuil "Highland" air sa Bhéarla, cé nach gcuimsíonn an chomhairle sin Na hOileáin SiarEarraghael, áiteanna ina labhraítear an teanga.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go dtí cúpla céad bliain ó shin, bheadh an chuid is mó d'Albain taobh ó thuaidh den Linn Foirthe agus Gall-Ghàidhealaibh sa Ghàidhealtachd, ach amháin Na hOileáin Thuaidh. Tá logainmneacha de bhunadh Gaelach le fáil ar fud na tíre, mar shampla Dùn Dèagh, Inbhir Nis, Earra-Ghàidheal, Gall-Ghàidhealaibh agus Sruighlea. Tháinig Gaeilgeoirí tábhachtacha ó áiteanna atá ina gceantair Bhéarla inniu, mar shampla George Buchanan ó chontae Sruighlea, Roibeard Brús ó Ghall-Ghàidhealaibh agus Margaret McMurray ó chontae Inbhear Áir.

Gàidhealtachd Cheanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Limistéir Cheanada ina labhraítear Gaeilge na hAlban

Sa bhliain 2011, bhí Gaeilge na hAlban ag 1,275 duine i nGaidhealtachd Cheanada.[1] Bhí an teanga ag timpeall is 300 duine mar phríomhtheanga.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1] StatCan, 2011, arna rochtain ar 4 Bealtaine 2016