James Stephens (scríbhneoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Stephens

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Feabhra 1882
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Nollaig 1950
68 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Musicbrainz: 2332b64c-c36a-436b-86ba-443463d75c70 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus náisiúnaí Éireannach a bhí ag scríobh faoi Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ba ea Séamus Mac Stiofáin (26 Nollaig 1950), nó James Stephens mar a thugtaí air as Béarla.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chláraigh Stephens le Conradh na Gaeilge sna 1900idí agus d’fhreastail sé ar ranganna Gaeilge. Sa bhliain 1907, thosaigh sé ag scríobh don iris Sinn Féin. Sa bhliain 1911, bhí ról aige sa dráma Bairbre Ruadh le Pádraic Ó Conaire.

Sa bhliain 1912, d'fhoilsíodh na leabhair The Charwoman’s Daughter agus The Crock of Gold (agus cnúsach filíocha The Hill of Vision). D’admhaigh Stephens féin go ndeachaigh James Joyce agus Edward Plunkett (18ú Barún Dhún Samhnaí) go mór i bhfeidhm air. Bhí fantaisíocht, fealsúnacht, greann agus éagsúlacht carachtair mar théamaí iontu.

Chuaigh Éirí Amach 1916 go mór i bhfeidhm ar Stephens. Sa leabhar leis, Insurrection, tugann Stephens cur síos beomhar ar imeachtaí Sheachtain na Cásca ón taobhlíne.

Sir Peter Courtney Quennell agus James Stephens (1929)

Chuir Stephens spéis i mbéaloideas na hÉireann agus i litríocht ársa na tíre, agus is orthu siúd a bhí trí leabhar a d’fhoilsigh sé sna 1920idíIrish Fairy Tales (1920), Deirdre (1923) agus In the Land of Youth (1924). Chuir Stephens a chruth féin ar na scéalta. Bhí an-éileamh ar na leabhair ag an am[1].

Chuaigh Stephens go Sasana sa bhliain 1937 agus thosaigh sé craoladh leis an BBC. Ag obair fós don BBC i Londain ag cur cláir filíochta i láthair a bhí Stephens an bhliain ar cailleadh é, 1950.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Éist le Stephens anseo Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine: "Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta", ar reabhloid.ie Curtha i gcartlann 2017-11-15 ar an Wayback Machine.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta". www.reabhloid.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-15. Dáta rochtana: 2018-12-26.