Vearnais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Leacht a thriomaíonn ina scannán crua cosanta trédhearcach maisitheach. Tuaslagán de ghumaí in ola le tanadóir, cosúil le tuirpintín. I vearnaisí alcóil bíonn roisíní, cosúil le seileaic, in alcól meitile (alcól tionsclaíoch). I vearnaisí nua-aoiseacha bíonn polaiméir, cosúil le polúireatáin i dtuaslagóir. Ní bhíodh i seanleacair Shíneacha is Sheapánacha ach úscadh as crainn ar leith, agus líocha curtha leo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Vearnais". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 696.