Irisleabhar na Gaedhilge
Irisleabhar na Gaedhilge | |
---|---|
Teanga
|
Gaeilge agus Béarla[1] |
Cineál
|
Irisleabhar míosúil |
Bunaithe
|
1882 |
Ceanncheathrú
|
Baile Átha Cliath |
Úinéir
|
Aondacht na Gaedhilge |
B'irisleabhar Gaeilge é Irisleabhar na Gaedhilge, a bhíodh á fhoilsiú ón mbliain 1882 go dtí 1909. Bhí sé ina thréimhseachán tábhachtach do lucht Athbheochan na Gaeilge sa tréimhse roimh bhunú Shaorstát Éireann. Bunaíodh an t-irisleabhar seo ag lucht Aondacht na Gaedhilge, eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1880. Conradh na Gaeilge a bhí freagrach as an bhfoilseachán i ndiaidh 1884.
I measc na scríbhneoirí a bhíodh ag scríobh ann bhí Pádraig Mac Piarais, Dubhghlas de hÍde, An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Úna Ní Fhaircheallaigh, An tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh agus Eoin Mac Néill. I measc na n-ábhar a foilsíodh bhí filíocht, gearrscéalta, stair, béaloideas, amhráin, léirmheasanna leabhar, dinnseanchas, seanfhocail, ábhar d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus cur síos ar obair Chonradh na Gaeilge.
Eagarthóirí[athraigh | athraigh vicithéacs]
- ...
- Eoghan Ó Gramhnaigh (1891- )
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Irisleabhar na Gaedhilge |