Jump to content

Uí Chléirigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann léannta Ghaelach ba ea Uí Chléirigh, de mhuintir Uí Fhiachrach a bhí i réim sna Connachta le dhá mhíle aois. De shliocht Uí Fhiachrach Aidhne ba ea Uí Chléirigh féin, a bhí i réim sa tuath le 800 bliain.

Is é a sinsear ná Fiachrae mac Eochaid Mugmedon, deartháir níos sine le Niall Naoighiallach. De réir seanscéal, rianaítear a sinsearacht siar chuig na Fir Bolg agus Míl Easpáine dís, agus dá mba fhíor chuig Japheth mac Naoi.

Armas Uí Chléirigh

Is é Ó Cléirigh an sloinne is sine atá taifeadta san Eoraip, ag dul siar go dtí 916, ainmnithe as Cléireach mac Ceadaigh.

Le linn ionradh na Normannach ar Éirinn, cuireadh an ruaig orthu as a gcuid críoch, agus a ngaoil Uí Sheachnasaigh curtha ina n-ionad. Ón 11ú nó 12ú haois ar aghaidh, bhíodar lonnaithe i dTír Chonaill, áit a bhí agat i mbun seirbhíse mar filí agus staraí Uí Dhomhnaill. Scríobh siad mar shampla idir Leabhar Ginealach Uí Chléirigh agus Annála na gCeithre Máistrí.

Feictear géaga Uí Chléirigh in Albain de thairbhe na naisc stairiúla idir an dá thír (cosúil le Clann Chaimbéil).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Oxford Concise Companion to Irish Literature, Robert Walsh, 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Mícheál Ó Cléirigh, His Associates and St Anthony's College Louvain, Nollaig Ó Muraíle (eag), Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2007. ISBN 978-1-84682-082-3

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:Connachta