Uí Fhiachrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Rítheaghlach na nGael lonnaithe i gcúige Chonnacht ó lár na chéad mhílaoise ba ea Uí Fhiachra(ch) (Sean-Ghaeilge Uí Fiachrach). Mhaígh siad gurbh é Fiachra, leasdeartháir níos sine Néill Naoighiallaigh. Sinsir mhuintir Chonnacht ba ea Fiachra agus a bheirt deirféaracha, Brian (Brión) agus Ailill. In am trátha, ainmníodh an chúige astu. Mongfhionn (Mongfind) ba ea a máthair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá ghéag shuntasach ann i gclann Uí Fhiachrach, lonnaithe go forleathan óna chéile.

Is léir go raibh ríocht amháin acu tráth, agus bhídís i gceannas, nó ghlacaidís cáin óna tuatha agus treibheanna suite idir an Mhuaidh agus Aidhne. Chaill siad a smacht ann áfach faoin luath-8ú haois, as sin amach teoranta lastigh dá gcuid críoch féin.

Bhí dhá rítheaghlach eile i measc na gConnacht, mar a bhí Uí Bhriúin agus Uí Ailealla. D'imigh an dara cheann acu as cuimhne go luath i stair an cheantair, ach feictear idir Uí Fhiachrach agus Ui Bhriúin go suntasach in eachtraí na gConnacht le míle bliain anuas.

Uí Fhiachrach Aidhne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Uí Fhiachrach Aidhne teorannta ó thuaidh agus thoir ag an ríocht chumhachtach neamhspleách Uí Mhaine; thiar ag Cuan na Gaillimhe agus Corca Mrua; agus ó dheas ag Déise Tuaiscirt (níos deireanaí Dál gCais, níos deireanaí fós Uí Bhriain de Thuamhain). Chailleadar an méid a bhí tugtha faoina smacht acu ámh agus chuaigh an ríocht ar ais go dtí a bunmhéid an chuid eile dá stair

Le tuairim is ocht gcéad bliain go dtí lár na 12ú haoise, thagadh a ríthe as Cineál Ghuaire, clann Uí Chléirigh. Bhíodh a ghaoil, Uí Sheachnasaigh agus Uí Eidhin i gceannas as sin amach go dtí na coigistithe talún i ndeireadh na 1690í and luath-1700í

Uí Fhiachrach Mhuaidhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 982, fuair Aodh ua Dubhda, rí Uí Fiachrach Muaidhe, bás secura morte,[1] an chéad fhear a ghlac an sloinne Ó Dubhda. Throid Brian, Maoileachlainn Carrach Ó Dubhda, Conchúr Óg Ó Dubhda agus Muirceartach mac Conchúir Uí Dubhda i nDara Cath Bhaile Átha an Rí sa bhliain 1316, ach níor tháinig slán ach Brian.[2]

Bhí tailte Uí Fhiachrach Mhuaidhe suite i gContae Shligigh agus an-chuid de thuaisceart agus lár Mhaigh Eo. Faoin 14ú haois, bhí an-laghdú tagtha ar a gcuid cumhachta, agus ní raibh ach mar chríocha ach an barúntacht, Tír Fhiachrach. Dá bharr san, níor tugadh dá gceannairí ach an teideal taoiseach.

D'éirigh an teaghlach ina phátrún Mhic Fhir Bhisigh, staraithe agus breithimh oidhreachta. Go sainiúil, tá searmanas insealbhaithe Uí Dhubhda caomhnaithe anois i Leabhar Mór Leacáin, a scríobhadh idir na blianta 1397 agus 1418 ag Inis Crabhann, ordaithe ag Tadhg Riabhach Ó Dubhda.

Sa bhliain 1595, rinneadh taoiseach de Thadhg Buí Ó Dubhda. Sa bhliain 1601, chuaigh sé i gceannas fir Uí Fiachrach ó dheas chuig Cionn tSáile, agus níor fhill sé choíche. Tá sean-nós ann gur tháinig sé slán as an gcath agus gur lonnaigh sé i gContae Chiarraí. Daithí Óg, patrún Dubhaltaigh Mhic Fhirbhisigh, ba ea an duine deireanach de mhuintir Uí Dhubhda, cé go bhfuil an sloinne le fáil fós sa cheantar.

Craobh ghinealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe na gConnacht as cló trom.

 
 
Eochaid Mugmedon
 
Mongfind
 
 
Cairenn
 
Brión
 
Fiachrae
 
Ailill
 
 
Níall
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Uí Néill
Amalgaid
 
Nath Í
 
Macc Ercai
 
Fiachnae
 
Ailill Molt
 
Echu
 
Uí Fhiachrach Mhuaidhe
 
 
 
 
 
Uí Fhiachrach Aidhne
           Eochaid Mugmedon
          =Mongfind       + Cairenn
             |                  |
    _________|_________         |
    |        |        |         |
    |        |        |         |
    Brion Fiachrae Ailill     Niall, died c.450.
             |                   (Ui Néill)
    _________|________________________
    |                 |             |
    |                 |             |
    Amalgaid          Nath Í       Macc Ercae
                      |
   ___________________|_____________________
   |           |                           |
   |           |                           |
   Fiachnae    Ailill Molt, d.482.         Echu
   |                                       |
   |                                       |
  (Uí Fiachrach Muaidhe) (Uí Fiachrach Aidhne)

Uí Fhiachrach Aidhne[cuir in eagar | athraigh foinse]

   Echu
   |
   |
   Eogan
   |
   |
   Conall
   |
   |____________
   |          |
   |          |
   Gabran Goibnenn, fl. 538.
   |
   |
   Cobthach
   |
   |
   Colman, d. 622.
   |
   |_____________________________________
   |                                   |
   |                                   |
   Laidgnen/Loingsech, d. 655.         Guaire Aidne, d. 663.
                                       |
   ____________________________________|
   |                                   |
   |                                   |
   Muirchertach Nar, d.668.            Artgal
                                       |
                                       |
                                       Fergal Aidne, d. 696.

Uí Fiachrach Muaidhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

   Fiachnae
   |
   |
   Elgach
   |
   |
   Maeldubh
   |
   |
   Tipraite
   |
   |
   Dunchad Muirisci
   |
   |_______________________________________________
   |                              |                |
   |                              |                |
   Indrechtach, d.707.            mac Dunchad Ailill
   |                              |                |
   |                              |                |
   Ailill Medraige, d.764.        Tipraite, d.719 Cathal
   |                                               |
   |                                               |
   Cathal, d.816.                                 Donn Cothaid mac Cathail, d.787.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (1973). Irish Kings and High Kings. Baile Átha Cliath.
  • MacFhirbhisigh, Dubhaltach; O Muraile, Nollaig, eag. (2004). Leabhar Genealach. The Great Book of Irish Genealogies. Baile Átha Cliath: DeBurca. (Ainmneacha eile: Leabhar Mór nGenealach, Leabhar Mór na nGenealach)
  • Father Dowd
  • Science Ireland DC

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. AU 982.3
  2. ACM 1316.3


Teimpléad:Connachta