Uí Sheachnasaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann Ghaelach de Chineál Aodha na hEachtaí, d'Uí Fhiachrach Aidhne na gConnacht, is ea Uí Sheachnasaigh.

Guaire Aidhne mac Colmáin (bás 663), rí Chonnacht ba ea a sinsear. Glacadh an sloinne as Seachnasach mac Donnchadha, a mhair sa 10ú haois. Faightear an sloinne fós i gContae na Gaillimhe agus i gContae Luimnigh.

Armas Uí Sheachnasaigh

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh Uí Seachnasaigh lonnaithe, go dtí déanach sa 17ú haois, sa tuath Uí Fiachrach Aidne darbh ainm Cenél Áeda na hEchtge. Bhíodh ann ná paróistí An Bheitheach, Cill Mhic Duach agus Cill Tartan, agus codanna de Cill Bheaganta agus Cill Tómais.

Ba iad Uí Chathail, taoisigh ó dhúchas oirthear Chlann Aodha, a ngaoil is gaire. I measc clanna eile Uí Fhiachrach Aidhne, bhí Uí Eidhin, Uí Chléirigh agus Mhic Giolla Cheallaigh. Go dtí lár na 17ú haoise, glaodh fós ina tiarnaí Uí Fhiachrach Aidhne fís ar chlann Uí Eidhin, cé go raibh Uí Seachnasaigh níos cumhachtaí.

D'éag tiarna de facto deireanach Chineál Aodha de chlann Uí Sheachnasaigh ag an nGort tar éis dó teacht abhaile ó C|ath Eachroma ar an 12ú Iúil, 1691.

Sna 1690í, coigistíodh tailte Chaptaen Roger O'Shaughnessy de bharr na tacaíochta a thug sé dosna Seacaibítigh in éadan Liam d'Orange. Ghabh Sir Thomas Prendergast seilbh ar na tailte. Lean cogadh dlí go dtí lár na 18ú haoise idir Uí Sheachnasaigh agus clann Prendergast, ach sa deireadh, chaill Uí Seachnasaigh an cás losing the case.

Ní fios go cruinn cathain a tharla meath deiridh a sinsear, ach meastar go luath sna 1900í.

Caisleáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caisleán Ard Mhaolabháin, dún Uí Sheachnasaigh ón 16ú haois

I measc chaisleáin Uí Sheachnasaigh, bhí a leanas: an Gort; An Feadán; Ard Mhaolabháin; An Baile Nua, Derryowen, ar theorainn Chontae an Chláir; Baile Mhaolfaidhg; agus ceann ar oileán i Loch Cútra. De réir liosta scrios sa bhliain 1574 ag an riarachán Sasanach, bhí Caisleán Islandmore (Túr Bhaile Uí Laoigh anois) i seilbh John O'Shaughnessy éigin.

Uí Sheachnasaigh shuntasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Arthur O'Shaughnessy, file

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Teimpléad:Ríocht na gConnacht