Amalgaid mac Fiachrach
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 440 |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Athair | Fiachra |
| Siblín | Nath Í mac Fiachrach |
Rí na gConnacht de chlann Uí Fhiachrach ba ea Amhalaidh mac Fiachra (Sean-Ghaeilge Amalgaid mac Fiachrach) (bás 440[1]). Fiachra mac Echach Mugmedóin ba ea athair, agus Ardrí Eochaid Mugmedón (bás 362) a sheanathair.[2]
Déantar trácht air mar rí na gConnacht in Sioncronachtaí Laud agus sa Leabhar Laighneach, ina dtugtar réimeas 34 bliain dó. Feictear é fosta in Chronicon Scotorum agus i nAnnála na gCeithre Máistrí. Sinsear ba ea é de chlann Uí Amalgada. Tá Tír Amhlaidh, Contae Mhaigh Eo, ainmnithe as.
Tar éis a bháis, tharla achrann comharbachta i dTír Amhlaidh idir a mhic Aonghas (Óengus) agus Éanna (Éndae). Shocraigh Naomh Pádraig leis an Ardrí Laoghaire mac Néill (bás 462) a dheartháir Eoghan (bás 465) go ndéanfaidís idirghabháil san aighneas. Rinne Éanna a mac Conall a bhaisteadh agus chuir sé i seirbhís Phádraig é chun a chuid tacaíochta a chúiteamh leis.[3]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Chronicum Scotorum
- Annála na gCeithre Máistrí
- Leabhar Laighneach, cuid 30
- Sioncronachtaí Laud
- T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
- Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
| Réamhtheachtaí Níall Noígíallach |
Ríthe na gConnacht ? – tar éis 455 |
Comharba Nath Í mac Fiachrach |