Jump to content

Brighid Nic Gearailt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrighid Nic Gearailt
Beathaisnéis
Breithc. 1589
Bás1682
92/93 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileRuaidhrí Ó Domhnaill
Nicholas Barnewall, Céad Bhíocunta Barnewall Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHenry Barnewall
 ( Nicholas Barnewall, Céad Bhíocunta Barnewall)
Mary Barnewall
 ( Nicholas Barnewall, Céad Bhíocunta Barnewall)
Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill
 ( Ruaidhrí Ó Domhnaill)
James Barnewall
 ( Nicholas Barnewall, Céad Bhíocunta Barnewall)
Richard Barnewall
 ( Nicholas Barnewall, Céad Bhíocunta Barnewall)
Mabel Barnewall
 ( Nicholas Barnewall, Céad Bhíocunta Barnewall)
Aodh Ó Dónaill, 2a hIarla Thír Chonaill
 ( Ruaidhrí Ó Domhnaill) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry FitzGerald, 12th Earl of Kildare (en) Aistrigh  agus Frances Howard, Cuntaois Chill Dara

File agus bean uasal ba ea Brighid Nic Gearailt (Brighid Chill Dara) (c.1589–1682). Ní mhaireann ach dán amháin dá cuid.

Ba iníon Brighid le hAnraí an 12ú hIarla Chill Dara agus leis an mBantiarna Frances Howard, iníon Iarla Nottingham. Fuair a hathair bás in 1597 agus chuaigh sí chun cónaithe lena seanmháthar, Mabel Mhic Gearailt, i Maigh Nuad.

Phós Brighid Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, tamall i ndiaidh 1603 agus rugadh mac, Aodh, dóibh in 1606. In 1607 bhí sí i Maigh Nuad arís agus í gar dá haimsir, nuair a d’fhág Ruairí agus Aodh Éire i dteannta Aodha Uí Néill. Tá fianaise ann go raibh sé socraithe go leanfadh Brighid é, ach fuair údaráis Shasana eolas ar an socrú sin agus bhac é. Bhain Brighid Sasana amach, áir ar rugadh iníon, Máire Stíobhard, di. Ní fhaca Brighid a fear céile ná a mac arís.

Fuair Ruairí bás sa Róimh ar an 12 Lúnasa 1608 agus cuireadh an iníon faoi choimirce an Rí. D’fhill Brighid ar Éirinn in 1609 agus phós Sir Nicholas Barnewall ó Thuirbhe i gContae Bhaile Átha Cliath. Rugadh naonúr clainne dóibh.

“A mhacaoimh dhealbhas an dán” (c. 1607) an t-aon dán amháin atá againn óna láimh, saothar snoite greanta a cumadh i bhfoirm ógláchais agus a rinneadh, is dócha, mar fhreagra ar dhán a scríobh Eochaidh Ó hÉoghusa faoi ainm a phátrúin Cú Chonnacht Ó Cléirigh, "Neimhthinn an galar é an grádh".

Tá na chéad trí ranna de dhán Bhrighide mar a leanas:

A mhacaoimh dhealbhas an dán
tig aníos ar scáth na scol;
an dán lér chuiris do chlú,
maith a dhéanamh, is tú id’ thocht.
Na roinn-se do-rinne sibh,
adéarthaoi rinn, a fhir ghráidh,
nach tú dhlighfeadh an duas
dá dteagmhadh a luach ‘nár láimh.
An dán do ghabhais fa seach –
go bhfios damhsa ní breath cham –
is d’fhior a ndéanta, más fíor,
dobudh tugtha díol na rann.

Ainm.ie: Nic Gearailt, Brighid (c. 1589–1682): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2143

Máirín Ní Dhonnchadha (eag.), "Courts and Coteries II," in Bourke, Angela (eag.) (2002). The Field Day Anthology of Irish Writing, Volume 4. NYU Press, lgh 387-389.