Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Bean uasal Éireannach ba ea Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill (1607 – tar éis 1639?). Chaith sí saol eachtrúil ar an Mór-Roinn.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Máire do Bhrighid Nic Gearailt agus do Rudhraighe Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill. (Iníon le hÉinrí, 12ú hIarla Chill Dara, agus leis an mBantiarna Frances Howard, iníon Iarla Nottingham, ba ea Brighid.) Rugadh i Sasana í tar éis gur theith a hathair chun na Mór-Roinne, agus bhronn Séamas I an sloinne “Stíobhartach” uirthi.

D’fhill a máthair Brighid ar Éirinn léi in 1609 agus bhí siad ina gcónaí ag Maigh Nuad ar thailte Mhic Gearailt i gContae Chill Dara go dtí 1619, nuair a dúradh leo teacht ar ais chun Sasana. Thug an Rí spré mhór do Mháire agus cuireadh faoi chúram a sheanmháthar, Bantiarna Chill Dara, í.[1]

Rinne seanmháthair Mháire iarracht ar bhean uasal Shasanach a dhéanamh di. Dúirt sí le Máire go bhfágfadh sí a hoighreacht mhór féin aici agus go dtabharfadh sí fear céile di. Bhí doicheall ar Mháire roimh an bhfear céanna toisc gurbh Éireannach é a d’iompaigh ina Phrotastúnach. (B’fhéidir, freisin, go raibh sí mór cheana le fear óg eile, Dualtach Ó Gallchóir.)[1]

Príosún an Tí Geata mar a bhí sé san 18ú haois sular leagadh é.

Bhí muintir a máthar buartha go mór toisc go raibh sí ag éirí mór le hÉireannaigh óga Chaitliceacha i Londain a bhí mídhílis don rialtas. I samhradh na bliana 1626, nuair a bhí Máire timpeall 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i bPríosún an Tí Geata agus d’fhuascail a leasdeartháir Cathbharr Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc, beirt a cuireadh i ngéibheann toisc gur dhiúltaigh siad éirí as an éileamh a bhí acu ar thailte plandáilte i mBréifne Thiar.[1]

Fuarthas amach gurb ise a bhí ann agus ordaíodh di teacht i láthair na cúirte ríoga. Thogair sí éalú ó Londain i ndeireadh na bliana 1626. Chuaigh sí ar fán, duibhléid agus buataisí uirthi agus claíomh ar iompar aici, agus faoi dheireadh bhain sí Briostó amach. Bhí bean choimhdeachta faoi bhréagriocht léi darbh ainm Anne Baynham, agus "gentilhomme son parent"[1] (duine uasal a bhí ina ghaol léi), arbh é Ó Gallchóir é, de réir cosúlachta.[1]

Bhí barúil acu i mBriostó gur bhean í, ach (más fíor do scríbhneoir Spáinneach) thug sí breab do ghiúistís, thairg sí comhrac aonair a throid agus bhí ag suirí go díograiseach le cailín. Rinne an triúr dhá iarracht ar Éire a bhaint amach ach séideadh an long ar ais go dtí an Severn. Chuaigh siad ar bord long Ísiltíreach agus tugadh go La Rochelle iad. D’fhan Máire in éide fir agus chuaigh ag suirí (más fíor) le bean eile in Poitiers.[1]

Radharc ar an mBruiséil, c. 1610

Nuair a bhain Máire an Bhruiséil amach i Mí Eanáir 1627 chuir an Pápa litir chomhghairdeachais chuici. Ba ghearr gur chuir sí olc ar an deartháir ba shine aici, Aodh Ó Domhnaill, 2ú hIarla Thír Chonaill, duine nár casadh uirthi cheana, nuair a lean sí uirthi ag imeacht in éide fir agus a dhiúltaigh Seán Ó Néill, 3ú hIarla Thír Eoghain, a phósadh. Bhí Aodh tar éis cabhair a iarraidh ar an Ardeaspag Flaithrí Ó Maolchonaire chun aighneas idir muintir Dhomhnaill agus muintir Néill a réiteach chun go ndéanfaí Éire a ionradh in 1629. Ba é an tArdeaspag a shocraigh go bpósfadh Máire Seán Ó Néill. Ach d’éirigh sí torrach agus d’fhág sí féin agus Ó Gallchóir an Bhruiséil faoi smál in 1629.

Bhain siad an Róimh amach in 1630. Moladh Máire mar iníon Rughraidh Uí Dhomhnaill nár mhair, agus thug an Eaglais áit chónaithe agus airgead dóibh. Phós an bheirt agus rug sí buachaill in Genoa.[2]

I Mí Feabhra scríobh sí chun an Chairdinéil Barberini á rá go raibh súil aici le leanbh eile. Chuaigh siad go dtí an Ostair, mar ar ceapadh Ó Gallchóir mar chaptaen san Arm Impiriúil, ach maraíodh é an bhliain chéanna sa Chogadh Tríocha Bliain. Ba ghearr ina dhiaidh sin go bhfuair an dara leanbh aici bás.[1] Bhí cumha mhór uirthi agus bhí sí fós in achrann lena muintir, agus shiúil sí an Eoraip arís sular chuir sí fúithi sa Róimh, áit ar phós sí captaen bocht cabhlaigh in 1639. Níl eolas ar a beatha ina dhiaidh sin.

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aodh Rua Ó Dónaill

Notes[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 Bagwell, Richard (1895). "O'Donnell, Mary Stuart," National Dictionary of Biography, imleabhar 41, lch 446; luaitear "Addenda," Earls of Kildare, lch 321.
  2. Casway, Jerrold I. (2004). "O'Donnell, Lady Mary Stuart (b. 1607?, d. in or after 1639)". Oxford Dictionary of National Biography (ar-líne). Oxford University Press.