Táin Bó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ar ceann de sheánra le fáil i seanlitríocht na Gaeilge is ea an Táin Bó. Níor eagraigh aos liteartha Éireannach a chuid saothar sna scéalaíochtaí mar atá inniu ann, ach ina ionad sin i seánraí amhail is Táin Bó, Echtra, Immram nó Turas Mara, Fled nó Feis, Tochmarc, Compert agus Aided nó Anbhás.

Táinte Bó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is príomhscéal na Rúraíochta é Táin Bó Cúailnge, agus an Táin is cáiliúla ní amháin sa lá atá inniu ann, ach roimhe sin fosta i mbéil na ndaoine.

Tá ann an-chuid táinte eile, roinnt aitheanta acu as an ainm, san áireamh mar a leanas:

Réamhscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh go raibh nós ann réamhscéalta nua giorra a chur in le scéalta níos faide. Ceaptar scaití gur cuid den mhórscéal iad, ach ní fios san. Ó thaobh Táin Bó Cuailgne de, is é an tóir mhór atá ar an aistriúchán le Thomas Kinsella, a bhuanú an míthuiscint seo.

Is féidir a rá gur réamhscéalta iad roinnt desna táinte níos lú. Mar shampla, tá athleagan ar marthain den Táin Bó Fraích a deir sa deireadh:[1][2]

Luid Fráech ass íarum dia chrích, & a ben & a maicc & a baí laiss, co luid la Ailill & Meidb do tháin na mbó a Cúanlngiu.

Sa chaoi chéanna, feictear ag deireadh an scéil Táin Bó Regamon:[1][3]

conid Táin Bó Regamon in scél sa ocus remscél do scélaib Tána Bó Cúailnge hé.

I dteannta siúd, tá an-chuid scéalta an nasctha le Táin Bó Cúailnge agus na pearsana céanna iontu, mar shampla na scéalta breithe Chonchúir mhic Neasa agus Chonaill Chearnaigh, agus scéal ar bith agus Cú Chulainn ann, mar shampla idir Compert Con Culainn agus Tochmarc Emire.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Leahy, A.H., ed. (1906), "Táin Bó Fraích", Heroic Romances of Ireland, David Nutt, vol. I
  • Leahy, A.H., ed. (1906a), "Táin Bó Fraích", Heroic Romances of Ireland, David Nutt, vol. II

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]