Dún Búinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Dún Búinne
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Meath Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
7,272 (2016) 
Airde: 76 m
Contae: Contae na Mí
Cúige: Laighin

Is sráidbhaile i gContae na Mí i bPoblacht na hÉireann é Dún Búinne (Béarla: Dunboyne). Tá sé ina shuanbhaile do chathair Bhaile Átha Cliath, agus é suite timpeall na gcrosbhóithre ina dtrasnaíonn an dá bhóthar réigiúnda úd R156 agus R157 a chéile, píosa beag ó dheas ón bpríomhbhealach náisiúnta úd N3. Nasctar an baile leis an iarnród arís sa bhliain 2009, nuair a thiocfaidh an líne ón Uaimh go Maigh Nuad ar ais in úsáid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann stair na háite ar ais go dtí na Meánaoiseanna, ach is iomaí athrú a tháinig air ó na 1980idí i leith, ó d'fhorbair eastáit tithíochta a bhfuil cuma an bhruachbhaile orthu timpeall an tsean-sráidbhaile, ar nós eastát agus óstáin Chaisleán Dhún Búinne.

Tá cónaí ar Sheán de Briotún, iar-Thaoiseach na hÉireann a bhí san oifig ón mbliain 1994 go dtí an bhliain 1997, faoi thuairim is cúig chiliméadar den tsráidbhaile.

Ábhar iontais dá lán daoine a thagann go Dún Búinne an chéad uair is ea é go n-aithníonn siad an sráidbhaile. Is amhlaidh gur baineadh úsáid as mar chúlra agus mar stáitse do Leestown ("Baile na Laoi"), an sráidbhaile ficseanúil ar an tsraith mhór-ratha teilifíse úd The Riordans ("Muintir Uí Riordáin") a craoladh thiar sna 1970idí.

Cúrsaí Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ar Dhún Búinne mar áit mhór lúthchleasaíochta Gaelaí. Foireann Dhún Búinne a bhain craobh peile na sa bhliain 1998 agus sa bhliain 2005. B'é Seán Boylan ó Dhún Búinne an bainisteoir ab fhadsaolaí ina ghnó i stair Chumann Lúthchleas Gael ar fad, agus faoina cheannas siúd, bhain an Mhí craobh na huile Éireann faoi cheathair, mar atá, sna blianta 1987, 1988, 1996, agus 1999. Bronnadh "Saoirse na Mí" air as an obair a rinne sé ar mhaithe leis na cluichí Gaelacha i gContae na Mí.

Orthu siúd a thuill craobh na huile Éireann do Chontae na Mí agus arb as Dún Búinne iad, is féidir Séamas Ó Rathaille (1949), Breandán Ó Rathaille, Éanna Mac Mánais, Nigel Crawford agus Dáithí Ó Gallchóir a lua.

Saintréithe Geografacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuirtear i leith Dhún Búinne gurb é an t-aon sráidbhaile amháin in Éirinn atá suite in oileán intíre, is é sin, níl sé in aon chóngar don fharraige, ach ní féidir an áit a bhaint amach ná a fhágáil gan dul thar dhroichead amháin ar a laghad.

Eolas Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Stócólm sa tSualainn, tá brú óige neamhghnách atá suite ar bhord seanloinge Éireannaí. Dunboyne an chéad ainm a fuair an long, nuair a tógadh í i mBaile Átha Cliath. Ba leis an ngnólacht úd Charles E. Martin & Co. í ar dtús, agus í ina long thrádála ag dul ó Éirinn go dtí an Astráil. Sa bhliain 1909, díoladh an long leis na hIoruaigh, agus sé bliana ina dhiaidh sin, cheannaigh an gnólacht loingis Sualannach, Transatlantic, í uathu siúd. Ansin, tugadh an chéad ainm nua ar an long, mar atá, an G. D. Kennedy. Dhíol Transatlantic le rialtas na Sualainne í sa bhliain 1924, agus baisteadh an Af Chapman uirthi ansin. Tá sí ina brú óige ón mbliain 1949 anuas.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]