Mainistir Bheigthí
Mainistir Bheigthí | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Abtheach | |||
Foirgníocht | 14 Eanáir 1147 | |||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1537 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Beigthigh, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 187 | |||
Fothracha mainistreach Cistéirsí cois Bóinne i gContae na Mí is ea Mainistir Bheigthí (Bective Abbey as Béarla). Bhunaigh Murchad Ua Maeil Sheachlainn, Rí na Mí, í sa bhliain 1150 mar fho-mhainistir den Mhainistir Mhór, agus tiomnaíodh í don Mhaighdean Bheannaithe.[1] Bhíodh suíochán ag ab na mainistreach seo i bParlaimint na Páile sna meánaoiseanna, agus é ina údarás saolta agus spioradálta araon. Bhí sí ar na chéad mhainistreacha in Éirinn a cuireadh faoi chois le linn Dhíscaoileadh na Mainistreacha sna blianta 1535/36, ó ba rud é go raibh sí chomh gar sin d'ionad cumhachta na nGall i mBaile Átha Cliath.
In ainneoin nach bhfuil ach fothracha ann anois, tá dea-chaoi orthu i gcomparáid le go leor dá leithéid ón ré chéanna. Is séadchomhartha náisiúnta í agus tá í ar oscailt don phobal.
Ábhair Shainspéise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh cuid de radhairc an scánnáin Braveheart, le Mel Gibson, a scannánú i Mainistir Bheigthí sna 1990idí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Boylan, Henry, A Valley of Kings: The Boyne, (Baile Átha Cliath 1988), lth. 29
Leabhair Thagartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Boylan, Henry, A Valley of Kings: The Boyne, (Baile Átha Cliath 1988)
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |