Loch Michigan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh Loch Michigan sna Locha Móra, gorm dorcha, ar clé.

Ceann de Lochanna Móra Mheiriceá Thuaidh is ea Loch Michigan agus an loch is faide siar ó dheas de na cúig loch fionnuisce seo atá suite i lár Meiriceá Thuaidh. Is í an t-aon cheann de na Locha Móra atá suite go hiomlán taobh istigh de na Stát Aontaithe agus nach bhfuil a bruacha thuaidh i gCúige Ontario i gCeanada.

Tíreolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Báisín, no dobharcheantar, Loch Michigan

Loch oighreach, is é sin loch a cruthaíodh a céaduair ag deireadh na Oighearaoise, atá i Loch Michigan. Faigheann sé uisce ó na haibhneacha sa réigiún timpeall uirthi, agus folmhaíonn sí soir ó thuaidh isteach i Loch Huron. Go deimhin tá Lochanna Michigan agus Huron ar chomh airde agus tógann sé 98 bliana (.i. am seadaithe de 98 bliana) sula dtéann uisce a thagann isteach i Loch Michigan éalú amach go Loch Huron. Go teicniúil, níl iontu ach aon loch mhór amháin. Tá achar dromchla iomlán de 22,300 mí² nó 58,000 km² aige.

Is í Loch Michigan an dara loch is mó de na Lochanna Móra ó thaobh toirt uisce agus an 3ú ceann is mó de réir dhromchla. Tá Loch Michigan 307 míle ar fad agus 118 míle ar leithead. Is é 923 troigh (280 méadar) an pointe is doimhne sa loch, áit a baineadh amach i bhfomhuireán den chéad uair sa bhliain 1985. Is é 279 troigh (85 m) meándoimhneacht na locha.

Tá stáit Wisconsin, Illinois agus Michigan suite ar Loch Michigan. Tá Chicago agus Milwaukee ar na cathracha ar a mbruacha.

Radharc ar Loch Michigan