Milwaukee, Wisconsin
|
|||||
| Leasainm | Cream City, Brew City agus Mil Town | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Stát sna Stáit Aontaithe | Wisconsin | ||||
| County of Wisconsin (en) | Contae Milwaukee | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 577,222 (2020) | ||||
| • Dlús | 2,301.07 hab./km² | ||||
| Líon na dteaghlach | 229,227 (2020) | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Suite san aonán críochach staitistiúil | Milwaukee metropolitan area (en) | ||||
| Cuid de | Oirdheisceart Wisconsin | ||||
| Achar dromchla | 250.849328 km² | ||||
| • Uisce | 0.7001 % | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Michigan | ||||
| Airde | 188 m | ||||
| Ar theorainn le | St. Francis Mequon Menomonee Falls Brown Deer (en) Glendale River Hills (en) Whitefish Bay (en) Butler (en) West Milwaukee (en) Cudahy Wauwatosa Oak Creek West Allis Greenfield Shorewood (en) | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Juneautown (en) | ||||
| Cruthú | 31 Eanáir 1846 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| • Méara Milwaukee | Cavalier Johnson (2022–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | 53201, 53202, 53203, 53204, 53205, 53206, 53207, 53208, 53209, 53210, 53211, 53212, 53213, 53214, 53215, 53216, 53217, 53218, 53219, 53220, 53221, 53222, 53223, 53224, 53225, 53226, 53227, 53228, 53233, 53234, 53237, 53259, 53263, 53274, 53278, 53288, 53290, 53293 agus 53295 | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Glaochód | 414 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | city.milwaukee.gov | ||||
Is í Milwaukee an chathair is mó sa stát Wisconsin, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. De réir an daonáirimh sa bhliain 2010, tá 594,833 duine ina gcónaí sa chathair. Tá an chathair suite i gcontaetha Milwaukee, Washington agus Waukesha. Tá Cavalier Johnson[1][2] ina m(h)éara ar an gcathair. Bunaíodh Milwaukee sa bhliain 1818. Is é an leasainm atá air ná "The German Athens" (An Aithin Ghearmánach), mar gheall ar an líon mór Gearmánach a shocraigh sa chathair.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cónaí ar réigiún Milwaukee ar dtús ag na Mesquakies, Mascoutins, Potéouatamis agus an Winnebagos, grúpaí eitneacha Meiriceánacha Bundúchasacha. Ba iad na chéad Eorpaigh a thrasnaigh an réigiún seo ná misinéirí Francacha agus díoltóirí fionnaidh. Sa bhliain 1818, shocraigh Salomon Juneau, fear gnó Francach Ceanadach, i ngar don áit a bhfuil an chathair inniu, agus in 1846 cuireadh baile Juneau le chéile le dhá bhaile comharsanacha eile chun cathair Milwaukee a chorprú.
Chomh maith leis na Gearmánaigh, chuir Milwaukee fáilte freisin roimh inimircigh ón bPolainn, ón Iodáil, ó Éirinn agus ó Ghiúdaigh ó Lár agus Oirthear na hEorpa freisin. I 1910, bhí ceann de na céatadáin is airde de chónaitheoirí a rugadh thar lear sna Stáit Aontaithe ag Milwaukee (cosúil le Nua-Eabhrac).
Chuidigh líon mór Gearmánach agus inimircigh eile le daonra na cathrach a mhéadú le linn na 1840idí agus sna blianta ina dhiaidh sin.
Éireannaigh i Milwaukee
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an chéad dornán inimirceach Éireannach go Milwaukee sna 1830idí. Faoi 1848, nuair a ligeadh Wisconsin isteach mar stát don Aontas, ba de bhunadh Éireannach 15% de dhaonra Milwaukee.[fíoras?] Cosúil lena gcomhghleacaithe Gearmánacha, chabhraigh na hÉireannaigh leis an tionscal grúdaireachta beorach a fhorbairt i Milwaukee.
Chomh luath le 1839, chabhraigh dlíodóir, iriseoir agus fear gnó a rugadh i mBaile Átha Cliath, Hans Crocker, an Milwaukee Lyceum a sheoladh - réamhtheachtaí Mhúsaem Poiblí Milwaukee. Bhí sé ina mhéara ina dhiaidh sin, agus ina chomhpháirtí sa Milwaukee Manufacturing Company chomh maith.
Daoine cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Thomas A. Steitz, ceimiceoir, (1940)
- Herbert Simon, eacnamaí, (1916-2001)
- Spencer Tracy, aisteoir, (1900-1967)
Comhchathracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc Sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- ↑ https://city.milwaukee.gov/mayor; dáta rochtana: 8 Bealtaine 2022.
- ↑ https://city.milwaukee.gov/mayor/About; dáta rochtana: 19 Feabhra 2023.
