Jump to content

An Craoslach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Craoslach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55° 07′ 20″ N, 7° 54′ 22″ O / 55.122171°N,7.906036°W / 55.122171; -7.906036
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1414069

Is sráidbhaile é an Craoslach[1] (Béarla: Creeslough) atá suite i nDún na nGall, Poblacht na hÉireann.[2]

Sa bhliain 2011, bhí 393 nduine ina gcónaí sa bhaile. Déantar cur síos ar athruithe ins an daonra ins na blianta anuas ins an tábla seo thíos:[3][4]

Bliain Daonra Athrú Athrú (%)
2006 327 - -
2011 410 +83 +25.4%
2016 393 -17 -4.1%

Ar an 7ú Deireadh Fómhair 2022, tharla pléasc ar an gCraoslach inar maraíodh deichniúr agus gortaíodh go leor daoine eile. Scriosadh cuid de bhloc árasán agus stáisiún peitril in aice láimhe.[5]

Bhí rún ag Vivo Shell ionad tráchtála a thógáil ar suíomh na tubaiste in 2022, d'áireofaí siopa, oifig phoist, ionad stórála, leithris, áiseanna breosla, áit stórála do thancanna agus do chaidéil, chomh maith le gairdín cuimhneacháin. Ach fuair an Chomhairle Contae 27 aighneacht ón bpobal ag cur in éadan an chead pleanála in 2024. Bhí cuid de theaghlaigh na marbh ina measc siúd a chuir ina éadan.[6]

I mí an Mhárta 2026 bhí cead tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall stáisiún seirbhísí níos lú a thógáil in aice le suíomh na pléisce.[7]