An Fál Carrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaAn Fál Carrach
Falcarragh (en) Edit the value on Wikidata
Falcarraghcrossroads.JPG
Edit the value on Wikidata

Suíomh
 55°08′11″N 8°06′18″W / 55.136402°N 8.104906°W / 55.136402; -8.104906
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is sráidbhaile atá suite sa Ghaeltacht in iar-thuaisceart Dhún na nGall é an Fál Carrach (nó na Croisbhealaí[1]). Tá sé suite i bParóiste Chloch Cheann Fhaola. Bhí cónaí ar 764 dhuine san Fhál Carrach sa bhliain 2016.[2]

An crosaire ar an Fhál Carrach

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-ainm 'an Fál Carrach' in úsáid ó bhí 1850 ann. Shíl O’Donavan go raibh na Crois Bhealaí róchoitianta in Éirinn agus nár lig sé do dhaoine idirdhealú a dhéanamh idir áiteanna. Baineann cainteoirí dúchais úsáid as 'na Crois Bhealaí' go fóill agus iad ag tagairt don bhaile. Bíonn 'Crossroads' le feiceáil ar léarscáileanna áirithe, rud atá bunaithe ar an leagan Gaeilge ach is é 'Robinson’s Town' a bhíonn le feiceáil ar léarscáileanna atá níos sine. Sa lá atá inniu ann, is é 'an Fál Carrach' an t-aon téarma amháin a fheictear.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aimsítear an chéad tagairt scríofa don bhaile i dtuarascáil a scríobh William Wilson, as Ráth Bhoth, i 1822. Stiobhard de chuid an easpaig Anglacánaigh ab ea Wilson, a bhí freagrach as deachuithe a bhailiú chun tacú leis an chléir Anglacánach. Dar lena thuairisc don easpaig, fáilte naimhdeach a fuair sé ó phobal Chloich Cheann Fhaola nuair a bhain sé an áit amach:

"According to my intention I went to Cloughineely and on Monday about 12 o’clock arrived at a place called Falcarrow in your Lordship’s See (about five miles distant from Dunfanaghy) where I then, pursuant to advertisement, proposed holding the Court as I twice before had, but was immediately on my arrival surrounded by upwards of 150 to 300 men who had assembled merely for the purpose of preventing me from holding any Court and threatened my life if I would. Their measures I was obliged to comply with."

Tugann Slater's Directory na bliana 1870 faisnéis thábhachtach dúinn fán Fhál Charrach agus fán cheantar mháguaird ag an am:

"Crossroads or Falcarragh, is a village, in the parish of Tullaghbegley, and partly of Raymunterdoney, barony of Kilmacrennan, situated on the summit of a small hill near to the coast; opposite here is the Island of Torrey, nine miles distant. The places of worship are the parish church and a Presbyterian meetinghouse. A dispensary and a school are the charitable institutions. Fairs are held on the last Thursday monthly. Population in 1861 was 231."

Taifeadadh in Slater's Directory na bliana 1881 gur ardaigh an daonra go dtí 258 duine agus go raibh eaglais easpagach Phrotastúnach sa bhaile. Taifeadadh rann eolais i dtaobh na hoifige poist a bhí suite ar an chrosbhealach chomh maith. Thomas Browne a bhí mar phostmháistreach ag an am, agus dar leis an Directory, 'tugtaí na litreacha ó achan áit isteach ag a deich tar éis a haon déag ar maidin, agus seoltaí amach iad ag a haon an chloig ar tráthnóna'.

Tábla daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar cur síos ar athrú an daonra sna blianta anuas sa tábla seo:[2][3]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 842 - -
2011 860 +18 +2.1%
2016 764 -96 -11.2%

Daoine suntasachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rugadh Eithne Ní Cumhaill (en), duine mór i gCumann na mBan, i sráidbhaile cóngarach dárb ainm Cill Ulta
  • D'fhás an filí Ciarán Berry (en) anuas san Fhál Charrach[4]
  • Chaith Hugh McFadden (en), filí, léirmheastóir liteartha agus iriseoir, cuid dá óige san Fhál Charrach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.falcarraghfestival.com/HowtoFindUs.htm
  2. 2.0 2.1 An Phríomh-Oifig Staidrimh (2017). "Fíor Athrú agus Athrú Céatadáin sa Daonra ó 2011 go 2016 de réir Liosta Bailte in Ord Aibítre, Bliain Daonáirimh agus Staitistic". Dáta rochtana: 31-01-2018.
  3. An Phríomh-Oifig Staidrimh (2012). "Census 2011 - Population Classified by Area (ln. 53)" (Béarla). Dáta rochtana: 2018-11-07.
  4. "Donegal poet takes US literary prize". www.donegaldemocrat.ie. Dáta rochtana: 2019-11-01.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]