Cath Chill Ala, 1798
Éirí Amach 1798 in Éirinn | |
---|---|
![]() | |
Cineál | cath |
Dáta | 23 Meán Fómhair 1798 |
Comhordanáidí | 54° 12′ 45″ N, 9° 13′ 19″ O / 54.2125°N,9.2219°W |
Áit | Cill Ala |
Tír | Ríoghacht Éireann |
Troideadh Cath Chill Ala ar 23 Meán Fómhair 1798, le linn Éirí Amach 1798 ; an cath deireanach i gCúige Chonnachta a bhí ann le linn 'Bliain na bhFrancach'.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Lúnasa 1798, tháinig arm Francach leis an nGinearál Humbert i dtír chun cabhair a thabhairt do na hÉireannaigh Aontaithe. Tháinig 1,000 saighdiúirí Francacha, faoin Ghinearál Humbert, i dtír ar an 22 Lúnasa 1798 i gCill Chuimín (Cill Ala).
An cath
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh go maith ar dtús leis an gcomhaontas, mar shampla ag Rásaí Chaisleáin an Bharraigh. Fógraíodh "Poblacht Chonnacht" agus ceapadh tiarna áitiúil, John Moore, ina uachtarán air.
Ach ina dhiaidh sin, buaileadh na Francaigh i gcath i mBéal Átha na Muc, Co Longfoirt ar 8 Meán Fómhair agus rinneadh scrios ar Ghaeil agus ar Fhrancaigh.

An cath deireannach i gCill Ala
[cuir in eagar | athraigh foinse]Troideadh Cath Chill Ala ar 23 Meán Fómhair 1798. Ní raibh ach ceathrar oifigeach Francach fágtha ar an lá seo (ghéill an chuid is mó de na Francaigh ag Cath Bhéal Átha na Muc.[1]
Tháinig deireadh leis an Éirí Amach 1798 i gCúige Chonnachtaː
Bhí darna cath eile eadar Ros Eirc agus Mainistir na Maighne ’nnsin agus fuair 600 Gaedheal ’s Franncach bás ann, ach fuair 3,000 Gall bás ann freisin. Ina dhiaidh sin, d’éalaigh na Gaedheil ’s na Franncaigh amuigh as Cill Ala go faoin tuath agus throid siad treall-cogadh an-fada in éadan na Gall go dtí 1808 leis díoltas mhór orthu...[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Cath Bhéal Átha na Muc 1798 : a traditional hisotry le James O'Neill of Crowdrummin ; eag Seán O Brádaigh.
- ↑ "Stair – Clann Éirí Gréine". clanneirigreine.com. Dáta rochtana: 2022-09-24.