Cath na Boilsce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCath na Boilsce
Íomhá
Map
 50°36′N 6°06′E / 50.6°N 6.1°E / 50.6; 6.1
Cineálionsaí míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deWestern Front (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse16 Nollaig 1944 - 25 Eanáir 1945
Tréimhse amaAn Dara Cogadh Domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhArdennes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí


Cath na Boilsce. Saighdiúirí ó 117ú Reisimint an Chos-Slua ó Mheiriceá atá le feiceáil anseo, agus iad ag iarraidh cathair St.Vith in Oirthear na Beilge a athghabháil.

Ba é Ionsaí na nArdennes (16 Nollaig 194425 Eanáir 1945) an mórionsaí deireanach a rinne na Gearmánaigh ar an bhFronta Thiar i rith an Dara Cogadh Domhanda. Is gnách Cath na Boilsce a thabhairt ar na cathanna a troideadh de thoradh an ionsaí seo.

Tháinig na trúpaí Gearmánacha trí choillte móra na nArdennes i réigiún na Vallúine sa Bheilg, san Fhrainc agus i Lucsamburg agus tháinig siad aniar aduaidh ar fad ar fhórsaí na gComhghuaillithe. Ba iad na Meiriceánaigh ba mhó agus ba thúisce a bhí thíos leis an ionsaí seo. Ón taobh eile de, cailleadh cuid mhór saighdiúirí Gearmánacha chomh maith le heitleáin chogaidh de chuid an Luftwaffe, agus ó bhí an Ghearmáin i ndeireadh a cuid trúpaí agus gléasra cogaidh, ní raibh a dhath ar fáil le cur in áit a raibh caillte.

Is é an t-ainm a bhí ag na Gearmánaigh ar an oibríocht mhíleata seo ná Unternehmen Wacht am Rhein, a thagraíonn don amhrán cogaidh úd "Wacht am Rhein" ("Aire chois na Réine"). Na Comhghuaillithe arís, thug siad Frithionsaí na nArdennes uirthi (Ardennes Counteroffensive as Béarla), ach is é Cath na BoilsceBattle of the Bulge is mó a thugtar uirthi i dtiortha an Bhéarla inniu. Ba iad na hiriseoirí a bhaist an t-ainm seo ar na cathanna, ó d'aithin siad na trúpaí Gearmánacha mar "bhoilsc" ar an mapa.

Is éard a bhí Hitler ag iarraidh a dhéanamh ná na Comhghuaillithe a stopadh ó úsáid an phoirt a bhaint as Antuairp agus ceithre arm de chuid na gComhghuaillithe a scaradh ó chéile le bua a bhreith orthu. Ina dhiaidh sin, - a shíl Hitler, - bheadh cumhachtaí an Iarthair sásta conradh síochána ar leith a shocrú leis an nGearmáin, ionas go bhféadfadh an deachtóir a raibh fágtha dá chuid saighdiúirí a dhíriú ar an bhFronta Thoir, leis na Sóivéadaigh a stopadh. D'éirigh leis na Gearmánaigh pleanáil an mhórionsaí a dhéanamh faoi dhianrún, agus má bhí na Comhghuaillithe ábalta teachtaireachtaí Gearmánacha a cheapadh a raibh baint acu leis an ionsaí seo, ní raibh siad in ann an chiall cheart a bhaint as an eolas a d'aithin siad. Mar sin, ní raibh na Comhghuaillithe ullamh ar aon nós na trúpaí Gearmánacha a stopadh a tháinig chun solais ar an 16ú lá de Mhí na Nollag 1944. Rud eile fós bhí na Comhghuaillithe chomh sáite ina gcuid pleananna ionsaí is go ndearna siad dearmad den chosaint, agus níor bhain siad a ndóthain úsáide as na heitleáin faisnéise ach an oiread. D'fhág an drochaimsir na heitleáin ar talamh, rud a chabhraigh leis na Gearmánaigh.

Bhí an chosaint sách lag san áit ar ionsaigh na Gearmánaigh líne na gComhghuaillithe, ach ina dhiaidh sin féin chuaigh an t-ionsaí in abar ó thuaidh, ar Dhroim Elsenborn, chomh maith le Bastogne ó dheas. Bealaí móra a raibh na Gearmánaigh ag brath orthu le hascnamh a dhéanamh de réir a gcuid pleananna, fágadh as aice láimhe acu iad, agus na díormaí cos-slua is na tancanna a bhí ceaptha le húsáid a bhaint as dhá ród in aice le chéile, ní raibh de rogha acu ach an bóthar céanna don dá chineál trúpaí. Thairis sin, bhí an tír-raon ag fabhrú do na Comhghuaillithe. Níor fhéad na Gearmánaigh cloí lena sceideal pleanáilte, rud a cheadaigh do na trúpaí fortachta teacht chun fóirithinte don bheagán a bhí ag na Comhghuaillithe ar dtús. Ansin bhisigh an aimsir agus bhí eitleáin na gComhghuaillithe in ann na Gearmánaigh a ionsaí ón aer arís. Sa deireadh thit an tóin as an ionsaí agus chaill na díormaí ab fhearr, ba mhó taithí dá raibh ag na Gearmánaigh cuid mhór dá gcuid saighdiúirí. Bhí an scéal socraithe nuair a thosaigh iarsmaí na n-ionraitheorí ag cúlú i dtreo Líne Siegfried, líne chosanta deiridh na Gearmáine.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]