Michael Flatley
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 16 Iúil 1958 67 bliana d'aois Chicago, Illinois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Brother Rice High School (en) |
| Áit chónaithe | Corcaigh |
| Teanga dhúchais | Béarla |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | damhsóir, stiúrthóir scannán, aisteoir, cóiréagrafaí, aisteoir scannáin |
| Tréimhse oibre | 1991 – |
| Teangacha | Béarla |
| Glanfhiúchas | 304 M$ (2013) |
| Uirlis | Fliúit |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | Beata Dziaba (en) Niamh O'Brien (2006–) |
Gradam a fuarthas | |
| Suíomh gréasáin | michaelflatley.com |
Is damhsóir agus fear gnó Gael-Mheiriceánach-Monacach é Michael Flatley (nó Mícheál Ó Flaithileadh as Gaeilge). Rugadh é i Chicago, Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an 16 Iúil 1958. Bhain sé cáil dhomhanda amach a bhuíochas do na seónna 'Riverdance' agus 'Lord of the Dance'. Is saoránach de chuid na hÉireann é Michael Flatley, cé gur rugadh in Chicago é, agus tá a shainchónaí i Monacó ó na 1990idí déanacha.



Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chas Flatley le Beata Dziaba sa Royal Albert Hall, Londain sna 1980idí. Phós siad ar an 6 Eanáir 1986 i bPríosmaille sa Danmhairg agus fuair siad colscaradh in 1997.
Sna 1990idí bhí Flatley ina chónaí i Villefranche sur Mer,[1] baile galánta cois cósta in aice le Nice ar an Côte d’Azur. Ach tháinig sé i dtír ar lúb ar lár sa chóras cánach agus tá cónaí ar Flatley in Monacó ó na 1990idí déanacha, Thug sé le fios go minic gur thaitin sé leis an tsíocháin agus an príobháideacha – rud a d’fhéadfadh a bheith níos fusa i Monacó ná in áiteanna níos oscailte ar an Riviera.
Cheannaigh Michael Flatley teach mór i gCarraig an Éidigh,[2] Mainistir Fhear Maí i gContae Chorcaigh timpeall 1999-2001, nó Chaisleán de hÍde (a tógadh in 1760).[3] D’infheistigh sé 50 milliúin euro ann idir 2001 agus 2017, a mhaígh sé, le hathchóiriú agus athbheochan a dhéanamh air – teach Seoirseach stairiúil é a bhí i ndeireadh na feide nuair a cheannaigh sé é.[4] Rinne sé iarrachtaí é a dhíol ó 2015 ar aghaidh.[5] Cé gur laghdaíodh an praghas ina dhiaidh sin, níor díoladh é.[6]
Bhí Flatley geallta le Lisa Murphy sna 2000idí.[7]
Thosaigh Flatley (48 ag an am) ag dul amach leis an damhsóir Niamh O'Brien (32 ag an am) i mí an Meithimh 2006. Reáchtáladh an bhainis ar an 14 Deireadh Fómhair 2006 san Eaglais Naomh Pádraig, Mainistir Fhear Maí. Rugadh mac dóibh, Michael St. James, an bhliain dár gcionn.[8]
Cheannaigh Flatley pálás de theach in 2015 i mBelgravia Londain, in aice le Eaton Square. Chosain sé €28m. Tá teach mór eile aige i mBarbadós.
Ar an 20 Eanáir 2017. ghlac compántas Flatley, "Lord of the Dance", páirt i searmanas insealbhaithe Donald Trump, Bhí an míleatachas agus an náisiúnachas chun cinn sa seó.[9][10]
Tháinig meileanóma mailíseach ar Flatley i 2003 agus tháinig sé slán uaidh. Tháinig ailse ar Flatley arís in 2023.. Rinneadh máinliacht air.

Bhí fadhbanna tromchúiseacha ag Flatley lena theach, Caisleán de hÍde, sna 2020idí. Mhaígh sé go raibh truailliú ceimiceach ann. Dúirt sé go raibh a chroí briste go caitheadh sé "cónaí in óstáin" nuair a bhíonn sé in Éirinn. Ach bhí air iasacht €6.9 milliún a íoc ar ais chun an teach a choinneáil ó ghlacadóirí. Chuir Flatley an dlí a chur ar Austin Newport Group agus árachóirí i leith damáistí suntasacha, €30 milliún.[11]
In 2025, lorg Flatley ainmniúchán le seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta 2025; mar "tháinig a lán daoine chuige ag fiosrú an mbeadh suim aige dul san iomaíocht".[12] Bhí cás os comhair na cúirte sin ag an am maidir le hobair tógála a rinneadh ar a phálás de theach i gCarraig an Éidigh. Chuir an t-abhcóide Ronnie Hudson in iúl don chúirt go raibh réalta na seónna Riverdance ag bogadh ar ais go hÉirinn le seasamh sa toghchán uachtaránachta.[13][14]
Aisteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Flatley ina stiúrthóir, léirtheoir agus ina phríomhaisteoir ina scannán féin, Blackbird (2022), scéinséir mistéire faoi ghníomhaire rúnda "Blackbird" a éiríonn as an tseirbhís agus a osclaíonn club oíche galánta sa Chairib. Tugadh rátáil an-íseal don scannán (mar shampla Rotten Tomatoes 18%.[15] Dúirt an criticeoir scannán Mark Kermode gur "ceann de na scannáin is measa a chonaic mé riamh" ba ea é.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Villefranche-sur-Mer" (as fr) (2025-05-16). Wikipédia.
- ↑ "Castlehyde House / Carraig an Éidigh" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (29 Eanáir 2021). "Ní beag an stair an bhaineann leis an Teach Mór agus na heastáit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ Roxy Simons (2018-06-29). "Michael Flatley relists Irish manor for second time at $14.5 million". Mail Online. Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ "No sale: Michael Flatley changes tack as beloved Castlehyde mansion remains for sale after two years" (en). Irish Independent (2017-12-13). Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ "Ní beag an stair an bhaineann leis an Teach Mór agus na heastáit" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-01-29). Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ Kayla Walsh, Cormac O'Shea (2023-01-09). "Michael Flatley: His life and career - his wife, divorce and rarely-seen son" (en). Irish Star. Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ "How They Met: Michael Flatley and wife Niamh's love story" (en-GB) (2025-07-25). Dáta rochtana: 2025-07-28.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-01-19). "Rinceoirí Flatley páirteach i searmanas insealbhaithe Trump" (as ga-IE).
- ↑ "Lord of the Dance Perform at Trump Inaugural Ball" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-07-20.
- ↑ Sean Murray (2025-07-25). "Michael Flatley 'intends to seek nominations to run for President', court told" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2025-07-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-19). "Flatley.Níl sé cinnte fós ach 'b'fhéidir'" (as ga-IE).
- ↑ Cuireadh mionnscribhínn faoi bhráid na cúirte, a bhí sínithe ag an Uasal Flatley agus ag a dhlíodóir, Maxwell Mooney, a léirigh go raibh sé i gceist aige an t-ainmniúchán a lorg.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-25). "Michael Flatley le hainmniúchán a lorg don uachtaránacht" (as ga-IE).
- ↑ "Blackbird (2022) | Rotten Tomatoes" (en). www.rottentomatoes.com. Dáta rochtana: 2025-07-28.