Toghcháin na Stát Aontaithe 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghcháin na Stát Aontaithe 2022
Map
CineálUnited States midterm election (en) Aistrigh
United States general election (en) Aistrigh
events in a specific year or time period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Samhain 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanIonadaí na Stát Aontaithe
Seanadóir na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Reáchtáladh toghcháin sna Stáit Aontaithe ar 8 Samhain 2022, na toghcháin "lár téarma". Theip ar chuid mhór de na hiarrthóirí ar thacaigh Trump leo i dtoghcháin lár téarma 2022.[1]

Bhí praghas an bhreosla ag cur isteach ar an gcuid is mó den phobal

Ceisteanna móra na linne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad an ráta ard boilscithe agus an ginmhilleadh na ceisteanna ba mhó a bhí ag déanamh scime do vótóirí roimh na toghcháin, de réir na bpobalbhreitheanna. Bhí praghas an bhreosla agus an méid airgid atá ina bpóca ag cur isteach ar an gcuid is mó den phobal.[2]

Seanad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 50 suíochán buaite ag na Daonlathaigh, agus 49 ag na Poblachtánaigh i Seanad Mheiriceá[3](agus vóta réitigh ar 6 Nollaig 2022 in Georgia).[4]

D'éirigh na Daonlathaithe níos fearr i dtoghchán an tSeanaid ná mar a bhíothas ag súil leo.[5] Creidtear gur vótáil sciar suntasach de lucht tacaíochta na bPoblachtach ar son iarrthóirí Daonathacha de bharr a míshásaimh le dearcadh an Pháirtí Phoblachtaigh ar an nginmhilleadh, agus go háirithe le rialú na Cúirte Uachtaraí ar 3 Bealtaine 2022 an ceart a bhíodh ann ginmhilleadh a fháil a chur ar neamhní.[6]

Teach na nIonadaithe

Teach na nIonadaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an lá leis na Poblachtánaigh. Fuair siad smacht ar an Teach agus in ann mar sin clár reachtaíochta an Uachtaráin Joe Biden a shárú.[5] Cé gur éirigh níos fearr leis na Daonlathaigh sna toghcháin seo ná mar a bhí súil leis níl smacht acu ar an gComhdháil níos mó. Dá réir ní bheidh ar a gcumas a gcuid mianta a chur i gcrích mar go gcuirfear ina n-aghaidh ag gach céim de phróiseas casta reachtaíochta na Stát Aontaithe.[7]

Arizona[cuir in eagar | athraigh foinse]

Choimeád seanadóir Catherine Cortez Masto a suíochán i stát Nevada

Bhí beirt de na hiarrthóirí is mó iomrá a thacaíonn go láidir le dearcadh Donald Trump agus lena sheasamh taobh istigh den Pháirtí Poblachtánach in Arizona – Kari Lake a bhí ag seasamh le haghaidh post an ghobharnóra agus Blake Masters a hí san iomaíocht don Seanad.[2] Ach theiip orthu i ndeireadh an lae.

Georgia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug pobal Georgia droim láimhe don iarrthóir ab ansa le Trump i mí na Bealtaine 2022 a bheith ina ghobharnóir ar an Stát sin – David Perdue.[8] Bhí an lá ag Brian Kemp.[9]

an bua ag iarrthóir an pháirtí Daonlathach John Fetterman in Pennsylvania

Nevada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Choimeád seanadóir Catherine Cortez Masto a suíochán i stát Nevada. D'éirigh léi ar éigin ina toghchán i gcoinne Adam Laxalt ón bpáirtí Poblachtánach, a raibh tacaíocht aige ón iar-Uachtarán Trump.[3]

Pennsylvania[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rug iarrthóir an pháirtí Daonlathach John Fetterman an bua ar an bPoblachtach, an Dr Mehmet Oz, i dtoghchán an tSeanaid i stát Pennsylvania.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tuairisc (16 Samhain 2022). "‘Tá Meiriceá ag dul i léig’ – fógra déanta ag Donald Trump go bhfuil sé ag seasamh d’uachtaránacht SAM arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-16.
  2. 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (22 Iúil 2022). "Na Poblachtánaigh – marbh ag Trump agus marbh gan é" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-13.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2022-11-13). "Na Daonlathaigh i réim sa Seanad i SAM" (as ga-IE). 
  4. "How Georgia's Senate runoff election between Walker and Warnock will work" (en-us). PBS NewsHour (2022-11-10). Dáta rochtana: 2022-11-13.
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-11-09). "Toghcháin Mheiriceá: an chreach le roinnt, is cosúil" (as ga-IE). 
  6. "Exclusive: Supreme Court has voted to overturn abortion rights, draft opinion shows" (en). POLITICO. Dáta rochtana: 2022-11-13.
  7. Máirín Ní Ghadhra (11 Samhain 2022). "Níl na torthaí go léir faighte i SAM fós, ach tá aird cheana ar 2024 agus Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-13.
  8. "David Perdue" (as en) (2022-10-22). Wikipedia. 
  9. "Brian Kemp" (as en) (2022-11-13). Wikipedia.