Jump to content

Iarracht Donald Trump a fheallmharú, Iúil 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIarracht Donald Trump a fheallmharú, Iúil 2024
Íomhá
Map
 40° 51′ 25″ N, 79° 58′ 16″ O / 40.85703°N,79.971°W / 40.85703; -79.971
Cineáliarracht ar fheallmharú
foréigean polaitiúil
ionsaí lámhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana13 Iúil 2024 (18:11. an tAmchrios Oirthearach) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh625 Evans City Road, Butler, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Grianghrafadóir Doug Mills (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocDonald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachDonald Trump sprioc, marthanóir, taismeach
James Copenhaver (en) Aistrigh marthanóir
luach anaithnid íospartach lámhaigh, rannpháirtí
David Dutch (en) Aistrigh marthanóir
Corey Comperatore (en) Aistrigh rannpháirtí, íospartach dúnmharaithe, íospartach lámhaigh
luach anaithnid oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2
1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe5 Cuir in eagar ar Wikidata
Imscrúduithe agRúnseirbhís na Stát Aontaithe, Roinn Dlí na Stát Aontaithe, Federal Bureau of Investigation agus Bureau of Alcohol, Tobacco, Firearms and Explosives (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireThomas Matthew Crooks (amhrastach coiriúil, shooter (en) Aistrigh, feallmharfóir) Cuir in eagar ar Wikidata
Armraidhfil de chineál AR-15 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide


Ar an 13 Iúil 2024, rinneadh iarracht feallmharaithe ar iar-Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump ag slógadh stocaireachta i Pennsylvania. Maraíodh duine amháin agus gortaíodh beirt sa slua, agus bhain mionghearradh de leathchluais Donald Trump de bharr an ionsaithe.[1] Tamall ina dhiaidh, chuir Trump ráiteas amach ar a mheán sóisialta féin Truth Social, ag rá gur chuala sé an piléar ag scinneadh thar a chluais. Ghabh sé buíochas leis na gníomhairí uile a thug slán é, agus rinne sé comhbhrón le muintir an fhir sa slua a maraíodh.

Éirigh as an gcacamas! Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024
"Butler Farm", ionad taispeántais in aice la Pittsburgh
Ghabh an naoscaire ionad scaoilte 124 m siar ó Trump agus iontas an domhain nach raibh fadbh ar bith air dul ar an díon

Le linn Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024, bhí Donald Trump i mbun feachtas i mButler, Pennsylvania ar an 13 Iúil 2024. Bhí slógadh an iarrthóra faoi lán tseoil nuair a chuaigh sé i ngreim ina chluais dheas i lár abairte. Bhí 4 urchar gunna le cloisteáil ag an ionad amuigh faoi aer. B'in ar ocht nóiméad tar éis a sé.[2]

Chrom Trump go hurlár an ardáin agus chuaigh gníomhairí na Seirbhíse Rúnda ina mhullach. Chualathas urchar eile ann, scanraigh an slua agus thosaigh an bhéicíl agus an chíor thuathail. Trí shoicind déag ina dhiaidh sin, scaoileadh urchar amháin eile agus scread mór mná le cloisteáil. I rith an ama seo bhí caint lucht an ardáin le cloisteáil ó na micreafóin a bhí fós beo.

Chroch na gníomhairí an t-iaruachtarán go dtí carr a bhí ag fanacht ar leataobh, agus bhí an gortú a bhain de chluais Trump agus fuil smeartha ar a éadan le feiceáil go soiléir. Bhí Trump in aimhréidh ach ní raibh sé gortaithe go dona. Chroch sé dorn dúshlánach leis an slua sular fhág sé an t-ardán, dhá nóiméad glan ó thosaigh an t-ionsaí. Feictear Trump, agus fuil go soiléir ar a éadan, i bhfíseáin agus é ag déanamh gothaí leis an slua agus é á aslonnú.

Níorbh fhada go bhfuarthas amach go raibh duine sa slua maraithe san ionsaí agus duine eile gortaithe. Chaith agus mharaigh baill eile den tSeirbhís Rúnda an gunnadóir a bhí ina luí ar dhíon foirgnimh a bhí taobh amuigh d'ionad an tslógtha ach a bhí faoi 130 méadar den áit a raibh an tUachtarán ina sheasamh.[3]

Maraíodh fear sa slua, Corey Comperatore, "ar an toirt "mar go raibh sé "in aon líne idir an t-iaruachtarán agus an gunnadóir", a deirtear, agus é ag iarraidh a iníonacha a chosaint ó na piléir, a deirtear.[4] Bhí an-drochbhail ar an mbean a gortaíodh.

Scaoileadh Donald Trump saor ón ospidéal tamall níos déanaí; níor bhain ach mionghortú cluaise dó.[2]

An AR-15 : Tá an raidhfil seo conspóideach de bharr chomh minic is a úsáidtear é in ionsaithe fealltacha sna Stáit agus chomh héasca is atá sé iad a cheannach.

An lámhachóir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh le fios láithreach gur ghunnadóir amháin a bhí ann, agus go raibh sé leis féin. Níos deireanaí d'ainmnigh an FBI é mar Thomas Matthew Crooks, 20 bliain d'aois as Bethel Park, Pittsburgh.[5] Dheimhnigh an FBI gur scaoileadh roinnt urchar leis an ardán ó láthair chrochta taobh amuigh den slógadh sular mharaigh an tSeirbhís Rúnda é.

Ghabh an naoscaire ionad scaoilte 124 m siar ó Trump agus aisteach go leor ní raibh fadhb ar bith air dul ar an díon. Bhí sé ráite ag roinnt finnéithe le cainéil nuachta go bhfacthas an gunnadóir roimh an eachtra agus gur chuir siad na húdaráis ar an eolas. Dheimhnigh na póilíní áitiúla gur fhreagair siad roinnt tuairiscí faoi 'gníomhaíocht amhrasach' (ach níor thug a thuilleadh sonraí ag an am). Cheap siad, is cosúil, gurbh í an tSeirbhís Rúnda a bhí ann.

Baineadh úsáid as raidhfil leath-uathoibritheach AR-15 san ionsaí. Tá an raidhfil seo conspóideach de bharr chomh minic is a úsáidtear é in ionsaithe fealltacha sna Stáit agus chomh héasca is atá sé iad a cheannach.[2]

Rinne an tSeirbhís Rúnda cosaint ar an láimhseáil a rinne siad ar an eachtra agus é curtha ina leith go raibh siad faillíoch.[4]

Thug an tUachtarán Joe Biden, a bhí ar Aifreann i Delaware ag am an ionsaithe, ráiteas uaidh go sciobthaí. Bhí sé buíoch, a dúirt sé, gur tháinig Donald Trump, slán ón ionsaí agus bhí súil aige labhairt le 'Donald', mar a dúirt sé é. Cháin sé an t-ionsaí á rá go raibh sé 'tinn' agus nach raibh áit i Meiriceá d'aon sórt foréigin pholaitiúil. Thug sé aitheasc do phobal na tíre níos déanaí, ag baint leas as an Oval Office le béim a chur ar an tábhacht atá le pobal scoilte na Stát Aontaithe a theacht le chéile. Bhí Joe Biden faoi bhrú ag an ama, óna pháirtí féin le seasamh siar ón toghchán, mar gheall ar an imní a bhí ag treisiú nach bhfuil an cumas ná éirim aige don obair níos mó.[6]

Chuir Donald Trump ráiteas amach ar a mheán sóisialta féin Truth Social tamall ina dhiaidh sin. Dúirt sé gur chuala sé an piléar ag scinneadh thar a chluais agus go raibh a fhios aige gur urchar a bhí ann. Ghabh sé buíochas leis na gníomhairí uile a thug slán é, rinne comhbhrón le muintir an fhir a maraíodh agus chuir a bheannacht chuig an mbean a gortaíodh.

D'eisigh triúr iar-Uachtarán eile, Barack Obama, Bill Clinton agus George W. Bush ráitis ag gabháil buíochais as Donald Trump bheith tagtha slán agus ag cáineadh an fhoréigin pholaitiúil. Chuir ceannairí domhanda, An Taoiseach Simon Harris ina measc, teachtaireachtaí tacaíochta chuig Donald Trump agus chuig muintir na Stát Aontaithe.[2]

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gheall Poblachtánaigh de chuid na Comhdhála go mbunófaí fiosrúchán faoin ionsaí inar deineadh gránú ar cheann Trump.[4]

Thosaigh suíomh idirlín Trump ag taispeáint íomhá den fhuil ar a éadan tar éis an ionsaí gunna agus ag impí ar a lucht leanúna airgead a sheoladh chuig an bhfeachtas, ag impí ar dhaoine seasamh le chéile "le spiorad an mhuintearais agus na síochána". Bhí nasc ó shuíomh Trump chuig leathanach ar an ardán bailithe airgid WinRed[7] ina bhfuil íomhá a tharraing AP den iarrthóir, fuil ar a éadan agus a dhorn crochta san aer aige, agus an mana "FEAR NOT" air. Faoi sin tá na focla "Unity. Peace. Make America Great Again" agus roghanna éagsúla inar féidir síneadh láimhe a thabhairt don fheachtas. Bhí léintí eile ann agus na manaí 'Bulletproof', ‘Legends Never Die’, ‘Grazed but not Dazed, ‘Shooting Makes Me Stronger’ greannta orthu.[8]

Kimberly Cheatle

An tSeirbhís Rúnda

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 22 Iúil, tháinig Kimberly Cheatle, Stiúrthóir na Seirbhíse Rúnda, os comhair Theach na nIonadaithe. Dhiúltaigh sí ceisteanna a fhreagairt inné maidir leis an bplean slándála a bhí i bhfeidhm don slógadh. Dhiúltaigh sí freisin ráiteas a thabhairt ar an gcáineadh a rinneadh ar an tSeirbhís Rúnda as a n-easpa gnímh ar an lá; líomhnaítear gur cuireadh in iúl dóibh go raibh daoine sa slua amhrasach faoi fhear ar dhíon, ach nach ndearna siad aon rud faoi.

Cháin Poblachtánaigh agus Daonlathaigh araon Cheatle (cheap an tUachtarán BIden í i mí Lúnasa 2022)[9] agus bhí éilimh ag teacht ón dá thaobh de Theach na nIonadaithe inné go n-éireodh sí as, rud a rinne sí an lá dár gcionn.[10][11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2024-07-15). ""Mé ceaptha a bheith maraithe" – Trump tagtha go Milwaukee" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2024-07-14). "Donald Trump tagtha slán ó iarracht feallmharaithe" (as ga-IE). 
  3. View Author Archive, Get author RSS feed (2024-07-14). "Sniper shot at former President Donald Trump from 130 yards away on roof of manufacturing plant" (en-US). Dáta rochtana: 2024-07-14.
  4. 4.0 4.1 4.2 "Trump le hóráid a thabhairt chun Meiriceá ‘a thabhairt le chéile’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-15). Dáta rochtana: 2024-07-15.
  5. "Bethel Park, Pennsylvania" (as en) (2024-07-14). Wikipedia. 
  6. Nuacht RTÉ (2024-07-15). "'Laghdaigh an fiuchadh polaitiúil' – an tUachtarán Biden" (as ga-IE). 
  7. winred.com (2024). "Éadaí". Dáta rochtana: 2024.
  8. Nuacht RTÉ (2024-07-15). "An braon fola agus an brabach ag Feachtas Trump" (as ga-IE). 
  9. The White House (2022-08-24). "Statement from President Biden on the Appointment of Kimberly Cheatle to be the Next Director of the United States Secret Service" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2024-07-24.
  10. Nuacht RTE (2024-07-23). "Tá Stiúrthóir Sheirbhís Rúnda SAM le héirí as, de réir tuairiscí" (as ga-IE). 
  11. "Secret Service director steps down after assassination attempt against ex-President Trump at rally" (en). AP News (2024-07-23). Dáta rochtana: 2024-07-24.