Jump to content

Iarracht Donald Trump a fheallmharú, M.F. 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIarracht Donald Trump a fheallmharú, M.F. 2024
Íomhá
Map
 26° 39′ 58″ N, 80° 05′ 54″ O / 26.6661°N,80.0983°W / 26.6661; -80.0983
Cineálconspóid
security incidents involving Donald Trump (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDonald Trump 2024 presidential campaign (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Meán Fómhair 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhTrump International Golf Club, SAM (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, West Palm Beach, Florida Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Spriocluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Imscrúduithe agFederal Bureau of Investigation, Rúnseirbhís na Stát Aontaithe agus Palm Beach County Sheriff's Office (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ArmSKS (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
1 Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#trumpassassinationattempt2 Cuir in eagar ar Wikidata


Ar an 15 Meán Fómhair 2024, le linn Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024,rinneadh iarracht feallmharaithe ar iar-Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump agus é ag imirt gailf ar  a chúrsa féin in West Palm Beach in Florida.[1]

Tháinig an eachtra seo dhá mhí tar éis do Trump bheith gortuithe ina chluais nuair a chaith gunnadóir urchair leis ag slógadh i bPennsylvania. Gan ach seacht seachtaine fágtha go dtí lá na vótála, bhí aird tarraingthe ag an eachtra ar an dúshlán a bhaineann le hiarrthóirí toghcháin a choimeád slán sna Stáit Aontaithe.[2]

Gabhadh an fear gunna níos deireanaí ina charr ar thaobh an bhóthair, 61km i bhfad
Bhain an fear gunna úsáid as raidhfil saghas SKS

Bhí Donald Trump agus é ag imirt gailf ar a chúrsa féin in West Palm Beach in Florida. Tugadh faoi deara gunna roinnt céad slat ón áit a raibh Trump ag imirt tráthnóna inné. Bhí an gunnadóir i bhfolach i sceacha gar d'imeall an ghalfchúrsa. Scaoil gníomhairí de chuid na Seirbhíse Rúnda leis an áit sna sceacha a bhí an gunna.

Theith an fear gunna ón láthair i bhfeithicil. D’fhág sé ina dhiaidh raidhfil ionsaithe ar chuma an SKS agus málaí droma. Gabhadh an fear gunna níos deireanaí ina charr ar thaobh an bhóthair.[1]

An lámhachóir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ryan Wesley Routh[3] is ainm don té a gabhadh. De réir tuairiscí bhí taifead coiriúlachta aige agus ciontaíodh é as roinnt coireanna, ina measc arm folaithe a bheith ina sheilbh.[2]

Roimh an ionsaí, chuir Routh postálacha amach ar na meáin shóisialta ag éileamh ar dhaoine dul ag troid in aghaidh na Rúise san Úcráin. Ach dúirt oifigeach de chuid na hÚcráine gurb é an cur síos is fearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an dteagmháil a bhí ag Routh leo ná go raibh “seachrán” air.[1]

Dúirt Trump é féin, “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine as bhur n-imní a léiriú agus as bhur mbeannachtaí. Is cinnte gur lá spéisiúil a bhí ann!”. Dúirt polaiteoirí ar gach taobh gur údar faoisimh mór a bhí ann nár gortaíodh an t-iar-uachtarán san eachtra. Dúirt Kamala Harris, “Tá mé sásta go bhfuil sé slán. Níl aon áit don fhoréigean i Meiriceá.” Dúirt JD Vance, leathbhádóir Trump sa toghchán, gur labhair sé leis an iar-uachtarán in ndiaidh na heachtra. Bhí Trump in “ardghiúmar” a rud a chuirfeadh iontas ort, a dúirt Vance.[1][2]

Ach ní hionann agus an chéad iarracht Trump a fheallmharú, ar an 13 Iúil in Butler, Pennsylvania, níor chothaigh an dara hiarracht seo ag galfchúrsa Trump in West Palm Beach, Florida aon ghrianghraif a rachaidh i gcionn ar an lucht vótála.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2024-09-16). "Iarracht feallmharaithe ar Donald Trump á fhiosrú ag an FBI" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Fear gunna gafa agus á fhiosrú i ndiaidh iarracht Donald Trump a fheallmharú" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-09-16). Dáta rochtana: 2024-09-16.
  3. Kerry Breen, Anna Schecter (2024-09-16). "What's known about Ryan Wesley Routh, suspect in possible Trump assassination attempt on Florida golf course - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2024-09-16.
  4. Alex Hijmans 18 Meán Fómhair 2024 (2024-09-18). "N’fheadar an féidir Donald Trump a stopadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-18.