J. D. Vance
Is polaiteoir é James David Vance (a rugadh James Donald Bowman ar an 2 Lúnasa 1984). Is Seanadóir na Stát Aontaithe as Ohio ó 2023 i leith. Ball den Pháirtí Poblachtach é agus bhí Vance roghnaithe ag Trump i mí Iúil 2024 le seasamh leis sa Toghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe 2024.[1][2][3] Coimeádach a bhí glan in aghaidh Trump ab ea Vance tráth Ach d'éirigh an Seanadóir as Ohio an-láidir ar son Trump sna 2020idí-luath, agus tugadh 'fear faille' air.[4]



Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Muirshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea Vance idir 2003 - 2007 agus chaith sé 6 mhí in Iaráic mar 'iriseoir' de chuid an Arm.
Foilsíodh Hillbilly Elegy in 2016,[5] cuimhní cinn ar a óige in Ohio agus Kentucky, leabhar a thuill cáil ollmhór do Vance. Coimeádach a bhí glan in aghaidh Trump ab ea Vance an uair sin agus ba mhinic é ag tráchtaireacht ar an tslí ar éirigh leis an iar-Uachtarán daoine bochta geala a mhealladh chun vótáil. Dúirt Vance tráth go raibh Trump gránna mar dhuine agus go raibh daoine geala bochta á dtabhairt “go dtí áit an-dorcha” aige.[3]
Caipitlí fiontair i Silicon Valley ab ea Vance ar feadh tamall gearr, le linn 2016 - 2017, in Mithril Capital, comhlach de chuid Peter Thiel, duine atá ar dheis ar fad. Bhunaigh Vance "Our Ohio Renewal" in 2016 agus thug Thiel airgead dó níos déanaí.[6][7]
D’athraigh Vance a phort le linn toghchán Seanaid 2022 nuair a thacaigh Trump leis. D'éirigh sé an-láidir ar son an iaruachtaráin. Is minic Vance ag cosaint Trump agus ag aithris ar a chuid cainte agus a chuid bréag faoin toghchán a ‘sciobadh’ uaidh.
Rinneadh iarradh Trump a mharú i mí Iúil 2024. Cé go ndúirt Trump go dtapódh sé an deis an tír “a thabhairt le chéile”, mhaígh Vance agus daoine eile sa Pháirtí Poblachtánach go raibh baint dhíreach ag an eachtra lámhaigh le reitric an Uachtaráin Biden.[3]
Aontaíonn Vance go láidir inniu le seasamh Trump go raibh an toghchán i 2020 a bhuaigh Joe Biden saobh.[8]

Leas Uachtarán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 14 Feabhra 2025, dúirt Leas Uachtarán Mheiriceá J.D. Vance ag Comhdháil Slándála München go raibh "sirriam nua sa bhaile" (agus é ag tagairt d’Uachtarán Mheiriceá).[10][11] Mhaslaigh sé an daonlathas san Eoraip. Is mór a chuir Vance agus Pete Hegseth (Aire Cosanta) Iarthar na hEorpa trí chéile.[12]
Ar an 19 Feabhra, chuir Vance an milleán faoin gcogadh san Úcráin ... ar an Úcráin.[13][14][15]
Ar an 28 Márta 2025, chuir Vance i leith an rialtais i Copenhagen nach raibh sé ag déanamh dóthain infheistíochta ar mhaithe le slándáil na Graonlainne.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ohio Sen. JD Vance announced as Donald Trump's 2024 vice presidential running mate”. USA Today. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 15, 2024. Dáta rochtana: July 15, 2024.
- ↑ Alison Main. “Trump selects Ohio Sen. JD Vance as his running mate”. CNN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 15, 2024. Dáta rochtana: July 15, 2024.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "An seanadóir JD Vance, údar ‘Hillbilly Elegy’ roghnaithe ag Trump le seasamh leis sa toghchán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-16). Dáta rochtana: 2024-08-06.
- ↑ RnaG (2024-07-25). "Tús Áite: JD Vance" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-08-06.
- ↑ "Hillbilly Elegy" (as en) (2024-08-03). Wikipedia.
- ↑ The New York Times (2022-10-10). "J.D. Vance’s First Attempt to Renew Ohio Crumbled Quickly". archive.is. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-10. Dáta rochtana: 2024-08-06.
- ↑ .cbc.ca (2024-07-22). "This Conservative MP is 'best friends' with Trump running mate J.D. Vance | CBC News". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-22. Dáta rochtana: 2024-08-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-16). "Trump tar éis a chaite caithréimeach ag Comhdháil" (as ga-IE).
- ↑ 9.0 9.1 Nuacht RTÉ (2025-03-29). "Vance cáinte sa Danmhairg" (as ga-IE).
- ↑ "2025 JD Vance speech at the Munich Security Conference" (as en) (2025-02-17). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RnaG (14 Feabhra 2025). "Tús Áite: Comhdháil Slándála Munich le John Maguire" (as ga-IE).
- ↑ Físeán ar Youtube (14 Feabhra 2025). "Vice President JD Vance Delivers Remarks at the Munich Security Conference" (as en) An Teach Bán.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-19). "File fuar déanta ag Trump de cheasacht na hÚcráine" (as ga-IE).
- ↑ Cinnte bréag de chuid Trump a bhí ann; rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022 agus maraíodh na céadta míle duine – idir shaighdiúirí agus shibhialtaigh – de bharr na cogaíochta, 2022-2025.
- ↑ Alex Hijmans (19 Feabhra 2025). "‘Más síocháin atá uait, ullmhaigh don chogadh’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-19.
- Daoine a rugadh i 1984
- Daoine beo
- Caitlicigh
- Daoine a d'fhreastail Yale Law School
- Daoine as Ohio
- Fir
- Leasuachtaráin na Stát Aontaithe
- Lucht gnó na Stát Aontaithe
- Meiriceánaigh de bhunadh na hÉireann
- Náisiúnaithe
- Pearsanra míleata Meiriceánach
- Pobalóirí
- Poblachtánaigh na Stát Aontaithe
- Seanadóirí na Stát Aontaithe
- Scríbhneoirí Meiriceánacha