Caipiteal fiontair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gníomhaíocht nó beartas gnó a mbeadh riosca coibheasach nó substaintiúil ag baint leis is ea caipiteal fiontair.[1]

Tacaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tacaíocht ar leith ag roinnt Ballstát san Aontas Eorpach don chaipiteal fiontair, scéimeanna a bhfuil rialacha ag gabháil leo maidir le comhdhéanamh punainne, teicnící infheistíochta agus spriocanna infheistíochta.[2]

infheistíocht timpeall an domhain

Níl córais ar leith den chineál sin ag formhór na mBallstát, áfach, agus is é an chaoi a ndéanann siad rialacha ginearálta a bhaineann le dlí na gcuideachtaí agus oibleagáidí i leith réamheolairí a chur i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí gach bainisteora ciste ar mian leis 'láithrithe príobháideacha' caipitil fiontair a thairiscint ar dhlínse na mBallstát sin.

I gcomparáid le lárionaid ardteicneolaíochta agus nuálaíochta atá in iomaíocht leis, go háirithe na Stáit Aontaithe, tá tionscal caipitil fiontair na hEorpa ilroinnte agus scaipthe. Fágann an ilroinnt agus an scaipeadh sin go mbíonn drogall, drogall a bhfuil tábhacht staidrimh ag baint leis, ar infheisteoirí infheistiú a dhéanamh i gciste caipitil fiontair.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""fiontar"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-04-23.
  2. 2.0 2.1 Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Cistí Caipitil Fiontair Eorpacha /* COIM/2011/0860 leagan deireanach - 2011/0417 (COD) */ (2011). "EUR-Lex - 52011PC0860 - GA" (GA). publications.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-04-23.